Close icon
Close icon

Comhdháil do Mhúinteoirí Nuacháilithe agus Múinteoirí Nua chuig Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Bunscoil agus Iarbhunscoil)

Tá COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) agus Coláiste Mhuire gan Smál ag eagrú comhdháil lae do mhúinteoirí nuacháilithe agus do mhúinteoirí nua chuig scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 11 Deireadh Fómhair 2025.

Undergraduate students sitting in a lecture hall at MIC.

Coinnigh an Dáta

Díreoidh an chomhdháil lae seo ar Mhúinteoirí Nuacháilithe agus ar mhúinteoirí atá nua chuig earnáil an tumoideachais - bunscoile agus iar-bhunscoile agus atá / a bheidh ag teagasc i scoil Ghaeltachta, i nGaelscoil nó i nGaelcholáiste. Is deis a bheidh ann eolas a fháil faoi chúraimí an mhúinteora nuacháilithe, casadh ar mhúinteoirí nuacháilithe eile agus dea-chleachtais a roinnt.

Is comhdháil saor in aisce a bheidh ann ina mbeidh béim ar chainteanna praiticiúla agus ar dhea-chleachtas in earnáil an tumoideachais agus ar riachtanais an mhúinteora nuacháilithe mar chuid den phróiseas Droichead:

Faoi réir polasaí Droichead agus tar éis dul i gcomhairle lena bhFoireann Tacaíochta Ghairmiúil, má tá tús curtha ag MNCanna leis an bpróiseas Droichead roimh an imeacht seo, féadfar freastal ar an lá mar chuid de na riachtanais foghlama gairmiúla breise den phróiseas Droichead.

Coinnigh súil anseo i gcomhair tuilleadh eolais faoin gcomhdháil nó cuir ceisteanna chuig Comhdhail@COGG.ie.

  • Cathain: 11 Deireadh Fómhair 2025
  • Cén áit: Coláiste Mhuire gan Smál

Cláraigh


Léiriú sa phictiúr ar dheis (C-D): Carmel Nic Airt, Micheál S. Mac Donnacha, An Dr Róisín Ní Mhulláin, Pádraig Ó Beaglaoich, An Dr Neasa Ní Chuaig.

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe
Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe
Ar an 11 Deireadh Fómhair 2025
MIC125 agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta