Close icon
Close icon

MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)

Ar Fáil: lánaimseartha

Leibhéal: 9

Fad an Chúrsa: Bliain

Ionad: Ar líne

Seachadadh an Chúrsa:

Ceardlanna beo dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine agus ábhar foghlama aisioncronach.

Measúnú:

Measúnú aisioncronach (tascanna/aistí, punann teanga, miontráchtas/togra taighde) agus scrúduithe beo labhartha ar líne (ní bheidh scrúduithe scríofa ar an láthair ann).

  • Réamhrá
  • Ábhar an Chláir
  • Riachtanais Iontrála
  • Conas Iarratas a Dhéanamh
  • Ceist a Chur

Réamhrá

Clár úrnua iarchéime é seo a thabharfaidh deis duit eolas leathan a shealbhú ar mhór-réimsí Léann na Gaeilge, agus ar an gceannaireacht. Tá an clár ar fáil ó thús deireadh ar líne.

Forléargas ar an MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)

Anuas ar chlár téagartha acadúil, agus deiseanna díriú ar ghnéithe de Litríocht na Gaeilge, d’Ealaíona na Gaeilge, agus den tSochtheangeolaíocht agus den Phleanáil Teanga,  beidh fócas láidir freisin ar scileanna gairmiúla a fhorbairt. Forbrófar sárscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh, agus tacar scileanna idirphearsanta, a bheidh ag freagairt do riachtanais chumarsáide na rannpháirtithe féin. Oilfear thú le bheith i d’eiseamláir den dea-chleachtas i gcomhthéacsanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail agus beidh tú in ann riachtanais a aithint agus deiseanna a thapú maidir le do réimsí féin agus ar bhonn eagraíochtúil. Sealbhóidh tú na scileanna cuí le pleanáil a dhéanamh, athrú a thabhairt i gcrích agus spriocanna a bhaint amach.

Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, a bhfuil gné cinnireachta lárnach ann, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.

MA sa Ghaeilge
MA sa Ghaeilge
Cuirtear an clár nuálach seo ar fáil ar líne ó thús deireadh.
Sealbhaigh eolas ar mhór-réimsí Léann na Gaeilge agus ar an gceannaireacht.

Tá claochlú ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shaol an léinn. Is gá aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach athraithe seo, agus freastal ar na riachtanais nua oiliúna a leanfaidh an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021). Is gá freisin céimithe a oiliúint a thabharfaidh aghaidh ar fhorbairtí nua sa phleanáil teanga, sna healaíona agus i réimse an oideachais/i Léann na Gaeilge. Acmhainn í an Ghaeilge don uile dhuine. Chuige sin, aithníonn an MA seo go bhfuil gá le pobal cleachtais a thógáil le dhá arm aigne: eolas ar shaíocht na Gaeilge, agus tacar scileanna feidhmeacha a chuimseoidh cothú na féinfheasachta agus tréithe cinnireachta.

Léachtóirí lán-aimseartha Roinn na Gaeilge a bheidh ag múineadh ar an gclár seo agus beidh ionchur idirdisciplíneach ann ó ranna eile, agus ó shaineolaithe earnála.

Beidh tú ag foghlaim trí mheascán de sheimineáir bheo idirghníomhacha agus deiseanna foghlama aisioncronacha (ag am a oireann duit féin). Fágann seo go mbeidh tú ábalta a bheith páirteach i bpobal foghlama ar bhealach a thugann san áireamh do dhualgais ghairmiúla agus phearsanta féin.

Sainghnéithe an Chláir

Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, le gné cinnireachta, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.

Gné nuálach ar leith den chlár is ea an t-ionchur a bheidh ag saineolaithe seachtracha agus ceannairí earnála – maidir le hábhar teagaisc, measúnú agus aoi-léachtaí. Beidh deis agat scileanna a fhoghlaim ó cheannródaithe i ngort an léinn agus ó chleachtóirí agus ceannairí i bhfiontair teanga, phobail agus oideachais, ó cheannródaithe i Léann na Gaeilge.

Tá Tuairisc.ie mar phairtnéir comhairliúcháin don mhodúl Teanga agus Cumarsáid.

Tá ionchur ag Roinn na Meán agus Léann na Cumarsáide agus ag Roinn na Drámaíochta agus Léann na hAmharclannaíochta i modúil ábharthacha chomh maith.

Tá gné roghnach leis an gclár agus deis agat díriú ar do rogha trí cinn d’ábhair as measc chroí-mhodúil acadúla an chláir.

Beidh gach mac léinn atá cláraithe ar an gcúrsa i dteideal rochtain a bheith acu ar acmhainní agus áiseanna an Choláiste. San áireamh anseo tá seirbhísí na leabharlainne, seirbhísí mac léinn, agus na ceardlanna agus na seisiúin forbartha gairmiúla a chuirtear ar fáil (beo agus ar líne) ag an Oifig Thaighde agus Iarchéime.

Aidhmeanna an MA sa Ghaeilge

Cáilíocht nuálach a chur ar fáil do rannpháirtithe an chláir a chuimseoidh oiliúint ar ardleibhéal acadúil i gcultúr, i litríocht agus maidir leis na comhthéacsanna éagsúla a bhaineann le pobail teanga éagsúla na Gaeilge agus a chuirfidh le cleachtas gairmiúil rannpháirtithe agus/nó le taighde a dhéanfaidh siad amach anseo.

Cumasú rannpháirtithe le hardscileanna ceannaireachta agus tacar scileanna feidhmeacha a shealbhú agus meon fiosrach fiontraíoch straitéiseach a chothú i leith deiseanna a thapú. Beidh céimithe an chláir mar cheannródaithe i Léann na Gaeilge agus in earnáil na Gaeilge.

Tá an phiarfhoghlaim agus an phiar-roinnt eolais lárnach sa chlár seo. Rachaidh rannpháirtithe i dtaithí ar ghníomhú i gcomhthéacs phobal cleachtais.

Déanfar forbairt ar ardscileanna cumarsáide, idir labhairt, scríobh agus éisteacht, agus cothófar tuiscintí ar an dea-chleachtas cumarsáideach i gcomhthéacsanna éagsúla gairmiúla agus acadúla, agus i réimsí eágsúla fostaíochta agus gnímh.

Rannpháirtithe a chumasú le heolas domhain a chur ar thrí cinn de na réimsí léinn seo a leanas: Léann an Chultúir agus Ealaíona na Gaeilge; Nualitríocht na Gaeilge agus Nua-insintí Cruthaitheacha na Gaeilge; Coilíneachas, Coimhlint, Cultúr 1550-1850; Pobail Teanga mionlaithe, Comhthéacs, Cinnireacht, Gníomh.

Oilfear rannpháirtithe maidir lena gcumas pleanála ó thaobh riachtanais a aithint agus tograí a chur i gcrích le go gcuirfear faobhar lena ngníomhaíochtaí féin i saol na Gaeilge, in earnáil fostaíochta na Gaeilge agus i Léann na Gaeilge, agus i bhfianaise shainriachtanais phobal na Gaeilge

Cáilíocht a chur ar fáil a fhreagróidh don éileamh atá ann maidir le céimithe le Gaeilge a chur ar fáil do réimse deiseanna fostaíochta/gairme, agus a fhreagróidh do thosaíochtaí straitéiseacha sa saol acadúil, sa státchóras, i gcórais agus fearainn oideachais éagsúla agus san earnáil phobail/ealaíne/teanga.

Cé air a bhfuil an clár dírithe?

Tá an MA seo oiriúnach do réimse leathan daoine, lena n-áirítear:

  • Daoine a bhfuil suim mhór acu i Léann na Gaeilge agus ar mian leo cur lena gcuid eolais i mór-réimsí éagsúla Léann na Gaeilge;
  • Daoine a bhfuil suim acu cur lena gcuid scileanna cumarsáide agus teanga, agus cur lena dtuiscint ar a gcuimsíonn an dea-chleachtas;
  • Daoine le Gaeilge ar mian leo cur lena gcuid eolais, lena gcumas deiseanna a aithint agus a thapú agus cur lena dtacar scileanna pleanála agus cinnireachta;
  • Daoine ar mian leo foghlaim a dhéanamh ar phleanáil maidir le hathrú a chur i gcrích, agus daoine eile a thabhairt leo.
  • Daoine ar mian leo taighde faoi threoir a dhéanamh i réimse ar spéis leo féin é.

Deiseanna Gairmiúla

Cuirfidh an MA seo faobhar le gníomhaíochtaí céimithe i réimse leathan gairmeacha. San áireamh anseo tá rólanna sa saol acadúil agus i réimse an oideachais, rólanna sa phleanáil teanga, rólanna iomadúla san earnáil phoiblí/sa státchóras, rólanna in eagraíochtaí Gaeilge, cultúrtha agus pobail, agus rólanna a bhaineann leis na healaíona agus leis an bhforbairt pobail.

Cuimsíonn an clár inniúlachtaí sa chumarsáid, sa phleanáil straitéiseach agus scileanna agus feasacht maidir le riachtanais a aithint, spriocanna a leagan síos agus athrú a thabhairt i gcrích. Freagraíonn na tréithe agus an tacar scileanna seo do riachtanais rólanna iomadúla agus tá éileamh mór ar chéimithe leis na hinniúlachtaí seo ag fostóirí.

Teagmháil

An Dr Róisín Ní Ghairbhí, Comhordaitheoir an Chláir, Roinn na Gaeilge

T: +353 204943  (Cuir rphost chun glaoch pearsanta a shocrú)

E: Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie

Ábhar an Chláir

Cuimsíonn an clár seo dhá sheimeastar teagaisc, Fómhar agus Earrach, agus déantar an miontráchtas/togra taighde a chur i gcrích faoi sprioclá i mí Lúnasa. An té nach leanann ar aghaidh chun gné an mhiontráchtais a dhéanamh, bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu. Beidh idir léachtaí beo ar líne agus ábhar foghlama a rachaidh an mac léinn i ngleic leis de réir a sceidil féin i gceist. Ar líne a dhéanfar an clár iomlán a sheachadadh, go sioncronach (beo) agus go haisioncronach (ag am a oireann don bhfoghlaimeoir). Beidh dhá thráthnóna sa tseachtain i gceist leis na seisiúin bheo, (2.5 uair an chloig x 2.) agus táthar ag súil go ndéanfaidh mic léinn freastal leanúnach ar na seisiúin bheo seo. Fógrófar na laethanta a bheidh i gceist sula gcuirfear tús leis an gclár. Beidh rogha ag mic léinn maidir le snáitheanna áirithe. (Féach thíos)

Bainfear leas as formáid an tseomra ranga ais-iompaithe, agus bainfear úsáid as cur chuige a bhfuil cos amháin aige sa saol 'fíor' trí leas a bhaint as fíorábhar agus trí theagmháil le cleachtóirí agus cleachtais a cheadú. Cuirfear ábhar saibhir foghlama ar fáil (mar shampla) físeáin, podchraoltaí agus doiciméid/ábhar léitheoireachta molta. Beidh seisiún sioncronach (beo) idirghníomhach ann gach seachtain freisin do mhodúil éagsúla. Bainfear leas as modhanna éagsúla ar mhaithe le hidirghníomhaíocht agus cruthófar deiseanna piarfhoghlama (mar shampla, trí úsáid doiciméid roinnte inanótáilte, agus fóraim plé). Trí chur chuige machnamhach agus trí dhearadh na measúnuithe déanfar mic léinn a spreagadh le ceangal a dhéanamh idir ábhar an chlair agus a suíomhanna pearsanta agus gairmiúla féin.

Cuirfidh mic léinn a gcuid léamha agus pleananna dá measúnuithe i láthair a gcomh-mhac léinn go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta, ar mhaithe le piarfhoghlaim a cheadú agus meon foghlama a chothú agus ar mhaithe le bonn a chur faoi phobal cleachtais agus dioscúrsa gairmiúil.

Leagan Amach

Seimeastar 1

  • Teanga agus Cumarsáid 1
  • Ceannaireacht agus Dea-chleachtas Gairmiúil 1
  • Léann an Chultúir agus Ealaíona na Gaeilge*
  • Nualitríocht na Gaeilge agus Nua-insintí Cruthaitheacha na Gaeilge *
  • Modheolaíochtaí Taighde, Feidhm agus Éifeacht**

Seimeastar 2

  • Teanga agus Cumarsáid 2
  • Ceannaireacht agus Dea-Chleachtas Gairmiúil 2
  • Coilíneachas, Coimhlint, Cultúr 1550-1850*
  • Pobail Teanga mionlaithe, Comhthéacs, Cinnireacht, Gníomh*

Togra Taighde/Miontráchtas taighde

*Roghnóidh mic léinn trí cinn as na ceithre chroímhodúl seo.

**Go hais-sioncrónach ar fad a chuirfear an mhír seo ar fáil.

Seimeastar 1

Sa mhodúl seo leagtar béim ar fheasacht teanga, feasacht inniúlachtaí cumarsáide agus féinfheasacht an chleachtóra teanga a fhorbairt. Díreoidh Teanga agus Cumarsáid 1 ar na gnéithe seo a leanas den teanga: feasacht teanga, agus féinfheasacht an chleachtóra teanga, gramadach agus ceartúsáid agus cruinnscríobh na teanga, foghraíocht agus an ceangal idir fonaicí agus ortagrafaíocht; canúintí na Gaeilge, an Caighdeán Oifigiúil, teanga agus iomchuimsiú, réimeanna teanga agus scileanna aistriúcháin, scileanna ceapadóireachta téacsanna ilchineálacha, idir téacsanna labhartha agus téacsanna scríofa. Gheofar oiliúint ar ardáin digiteacha agus ar bhogearraí ábharthacha.

Freagróidh snáitheanna an mhodúil do na comhthéacsanna ina n-úsáidtear an teanga/an cur chuige cumarsáide (mar shampla, saol an léinn, cúrsaí oibre agus gairme, cúrsaí oideachais, cúrsaí taighde, na meáin chlóite, chraolta agus shóisialta, gréasáin agus pobail éagsúla, pleanáil don chumarsáid eagraíochtúil inmheánach agus sheachtrach) agus beidh deis ag rannpháirtithe díriú ach go háirithe ar na gnéithe a bhaineann lena réimse spéise/suíomh gairmiúil/acadúil féin.

Cuirfear oiliúint ar fáil maidir le scileanna ceapadóireachta, scileanna chur i láthair agus scileanna digiteacha i réimsí agus réimeanna éagsúla cumarsáide feidhmeacha agus beidh deis ag rannpháirtithe scileanna a chleachtadh agus aiseolas a fháil, aiseolas ó chleachtóirí reatha earnálacha san áireamh. Tríd síos beidh deiseanna ag rannpháirtithe díriú ar fhoghlaim a fhreagaíonn dá gcuid riachtanas agus spéiseanna féin.

Déanfar na scileanna atá sealbhaithe ag rannpháirtithe cheana féin a bhuanú agus a fhorbairt, sainspéiseanna agus riachtanais forbartha gairmiúla na rannpháirtithe á gcur san áireamh, agus uas-sciliú maidir le húsáid bogearraí ábharthacha san áireamh.

Tá ionchur ag Roinn na Meán agus na Cumarsáide sa mhodúl seo, agus beidh ionchur ag cleachtóirí earnála (Tuairisc.ie) ann. Cuimseoidh an ról acu seo aiseolas earnálach a thabhairt do rannpháirtithe faoi mheasúnuithe múnlaitheacha.

Cothófar féinfheasacht rannpháirtithe maidir lena mbuanna féin agus a gcleachtais féin, agus maidir le haithint deiseanna feabhais agus deiseanna féinfhorbartha pearsanta agus eagraíochtúla. Gheobhaidh siad eolas ar dhinimicí grúpaí agus cultúir eagraíochtúla éagsúla, agus treoir maidir le fís phearsanta agus eagraíochtúil a shocrú agus cultúr foghlama a chothú. Déanfar plé ar a gcuimsíonn meon fíontraíoch i gcomhthéacs na Gaeilge agus i gcomhthéacsanna a bhaineann le riachtanais agus le réimsí spéise na rannpháirtithe. Sealbhóidh siad tacar scileanna praiticiúla maidir le ransú inntinne, agus a áisiú, maidir le meantóireacht agus cóitseáil agus eolas tosaigh ar aithint spriocanna, ar aithint saghasanna tionchair, agus ar bhainistiú acmhainní agus ama. Sealbhóidh siad scileanna praiticiúla maidir le tábhacht an dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara. Cothófar feasacht maidir le gníomhú de réir dea-chleachtais ina réimse gairme/spéise féin i bhfianaise reachtaíochta, agus i bhfianaise polasaithe agus cláir/straitéisí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Déanfar ceistiú agus plé tosaigh ar struchtúir, ar thuiscintí, agus ar pholasaithe agus ar idé-eolaíochtaí reatha a imríonn tionchar ar chleachtais agus ar phleanáil reatha. Beidh cás-staidéir agus deiseanna gréasánaithe mar chuid den chúrsa. Beidh gné fheidhmeach ag baint le measúnuithe an mhodúil seo/beidh siad bunaithe ar inniúlachtaí réimse gníomhaíochta an rannpháirtí.

Beidh deis agat eolas a chur ar chleachtais chultúrtha na Gaeilge agus a gcomhthéacsanna critice ar bhonn stairiúil agus comhaimseartha. Pléifear eiseamláirí praiticiúla d’ealaíona na Gaeilge, mar shampla, an scéalaíocht, an drámaíocht, an amhránaíocht srl., i bhfoirmeacha téacsúla agus béil araon, agus tarraingeofar aird ar sheachadadh, aeistéitic agus tionchar na n-ealaíon sin. Déanfar promhadh ar theoiricí aitheanta, idirnáisiúnta i léann an chultúir, m.sh. an t-iarchoilíneachas, an chruthaitheacht, srl. i gcomhthéacs ealaíona teanga-bhunaithe na Gaeilge. Déanfaimid cíoradh ar ról na n-ealaíon i saol an phobail agus sa saol poiblí ag cur stair agus éabhlóid na hearnála sin san áireamh. Forbrófar feasacht agus tacar scileanna feidhmeacha maidir le deiseanna in earnáil chruthaitheach na Gaeilge a aithint, a thapú agus a chur ar fáil. Beidh idir ghné acadúil agus ghné fheidhmeach ag baint le measúnú an mhodúil seo.

Clúdófar gnéithe éagsúla den nualitríocht sa Ghaeilge, idir phrós, fhilíocht agus nua-insintí eile. Mar shampla:

Déanfar iniúchadh cuimsitheach ar an ngearrscéal Gaeilge. Tabharfar léargas ar fhorbairt an ghearrscéil agus breathnófar go mion ar shaothar roinnt de na gearrscéalaithe is tábhachtaí sa ghort, ag déanamh anailíse criticiúla ar na saothair sin.

Déanfar staidéar ar réimsí agus ar théamaí an úrscéil nua-aimseartha sa Ghaeilge; beidh plé ar theoiricí liteartha agus ar théamaí an phróis NuaGhaeilge. Iniúchfar an cúlra soch-chultúrtha as ar eascair úrscéalta na Gaeilge.

Déanfar grinnscrúdú ar fhorbairt na Nua-fhilíochta Gaeilge ón Athbheochan i leith. Pléifear go criticiúil mórdhán na Gaeilge in earnálacha éagsúla na Gaeilge agus i measc phobal na Gaeilge.

Cuirfear eolas ar fáil faoi bhunchoincheapa na scannánaíochta, agus sain-chomhthéacsanna thionscal na scannánaíochta Gaeilge, agus déanfar mionstaidéar ar scannán Gaeilge.

Déanfar measúnú 100% ar an modúl seo trí scrúdú/scrúduithe deiridh, agus/nó le measúnú leanúnach i bhfoirm aiste acadúil/dialann foghlama/blag/léirmheas/cur i láthair/togra.

Díreofar sa mhodúl seo ar na scileanna a bheidh ag teastáil ó mhic léinn chun tabhairt faoi mheasúnuithe an chúrsa agus/nó tráchtas taighde nó togra taighde a bheachtú, a phleanáil agus a chur i gcrích. Cuirfear oiliúint ar mhic léinn maidir le modhanna taighde agus pléifear na saincheisteanna eiticiúla a bhaineann leis an taighde sin i gcomhthéacs. Rachaidh mic léinn i dtaithí ar fhoinsí éagsúla eolais agus conas úsáid chuí a bhaint astu. Cuirfidh siad feabhas ar a scileanna scríbhneoireachta agus anailíse mar thaighdeoirí chomh maith, ionas go mbeidh ar a gcumas argóint áititheach a chur i láthair agus a chosaint.

Beidh an t-ábhar a chlúdófar sa mhodúl seo ag teastáil ó mhic léinn agus iad ag tabhairt faoi mheasúnuithe éagsúla agus le tabhairt faoin miontráchtas acadúil/mórthogra taighde i dtéarma an tsamhraidh. Níl aon mheasúnú per se ar an modúl seo. Is modúl pas/teip é. Bronnfar pas bunaithe ar an mac léinn a bheith tar éis dul i ngleic le hábhar foghlama agus torthaí foghlama an mhodúil.

Seimeastar 2

Tógfaidh an modúl seo ar eolas agus scileanna na mac léinn sna gnéithe seo a leanas den teanga:

Feasacht teanga, agus féinfheasacht an chleachtóra teanga, gramadach agus ceartúsáid agus cruinnscríobh na teanga, foghraíocht agus scileanna aistriúcháin.

Leanfar d’oiliúint a chur ar fáil maidir le scileanna ceapadóireachta, scileanna chur i láthair agus scileanna digiteacha i réimsí éagsúla cumarsáide feidhmeacha. Freagróidh snáitheanna an mhodúil do na comhthéacsanna ina n-úsáidtear an teanga/don chur chuige cumarsáide cuí (mar shampla, maidir le cúrsaí oibre agus gairme, cúrsaí oideachais, cúrsaí taighde) agus beidh deis ag rannpháirtithe scileanna a chleachtadh agus aiseolas a fháil, aiseolas ó chleachtóirí reatha earnála agus piaraí san áireamh.

Tabharfar treoir agus tacaíocht do mhic léinn (i gcomhthéacs inniúlachtaí teanga) ar an modúl seo maidir le hobair atá le cur i gcrích acu ar an modúl Ceannaireacht agus Dea-chleachtas Gairmiúil 2, go háirithe sna gnéithe a bhaineann le pleanáil straitéiseach. Tá béim bhreise sa mhodúl seo ar scileanna bainistithe cumarsáide.

Cuirfear a thuilleadh deiseanna oiliúna praiticiúla ar fáil (mar shampla, ceardlann maidir le téarmaíocht agus réim scríobh straitéisí) agus beidh rogha ag rannpháirtithe uas-sciliú a dhéanamh in 2 x scil dhigiteach (mar shampla, úsáid Canva, dearadh Powerpoint, podchraoladh, scileanna a bhaineann le soláthar do na meáin chumarsáide). Déanfar na scileanna cumarsáide atá sealbhaithe ag rannpháirtithe cheana féin a bhuanú agus a fhorbairt, sainspéiseanna agus riachtanais forbartha gairmiúla na rannpháirtithe á gcur san áireamh.). Cuirfear béim ar leith ar fhoghlaim fhéinriartha i gach gné den siollabas. Tá ionchur ag Roinn na Meán agus na Cumarsáide sa mhodúl seo.

Beidh gné láidir fíorshaoil le measúnú an mhodúil seo, (mar shampla, bréagagallamh agus cur i láthair bunaithe ar réimsí spéise na bhfoghlaimeoirí, i. agallamh raidió, agallamh faisnéise, nó agallamh poist). Cuimseoidh an t-agallamh tástáil ar fheasacht an rannpháirtí ar an gcumarsáid i gcomhthéacs ról cinnireachta agus dea-chleachtais.

Bronnfar 30% de mharcanna ar phunann foghlama ó Sheimeastar 1 agus ó Sheimeastar 2.

Sa mhodúl seo, leanfar de chothú féinfheasacht rannpháirtithe an mhodúil maidir lena mbuanna féin agus a gcleachtais féin agus maidir le deiseanna feabhais pearsanta agus eagraíochtúla agus leanfaidh siad orthu ag aithint agus ag aimsiú deiseanna forbartha gairmiúla. Leanfar den bhfoghlaim faoi dhea-chleachtas i bhfianaise reachtaíochta, polasaí agus cláir náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Déanfar plé ar leith sa mhodúl seo ar an bpleanáil straitéiseach, agus a mheasúnú, agus ar chur chuige agus dea-chleachtas maidir le hathrú a thabhairt i gcrích. Pléifear tábhacht físe agus spriocanna foirmeálta inmheasúnaithe. Gheofar tuiscint ar thábhacht na pleanála straitéisí, an chomhairliúcháin agus an chloí le dea-chleachtas (mar shampla, maidir le hiomchuimsiú, maidir le dea-rialachas, i gcomhthéacs polasaithe) agus ar shaghasanna éagsúla tionchair.

Beidh cás-staidéir agus deiseanna gréasánaithe (cuid acu roghnach) mar chuid den chúrsa. Beidh gné fheidhmeach/phraiticiúil ag baint le measúnú an mhodúil seo/beidh an measúnú bunaithe ar inniúlachtaí réimse gníomhaíochta an rannpháirtí.

Gheobhaidh rannpháirtithe an mhodúil seo deis eolas leathan a fháil ar bhuncheisteanna na Sochtheangeolaíochta agus na Pleanála Teanga, agus cíorfar cuid de chroíphrionsabail na forbartha pobail. Beidh deis agat foghlaim faoi fhorbairt theoiricí éagsúla sochtheangeolaíochta agus síctheangeolaíochta, agus sinn ag díriú ar choincheapa faoi theangacha mionlaithe go háirithe. I measc na gceisteanna a phléifear tá: teagmháil teanga; teanga, dúchas agus féiniúlacht; ról an choilínithe in imeallú phobal teanga; coincheap an phobail sa saol comhaimseartha; pleanáil teanga, pleanáil do dhaoine óga, cearta teanga agus reachtaíocht teanga; an pholaitíocht teanga agus struchtúir chumhachta, forbairt phobail agus cruthú áite. Leagfar béim ar an nGaeltacht mar phobal teanga agus cíorfaimid na hathruithe atá tagtha ar thuiscint an stáit i leith fhearainn teanga na Gaeltachta/na hIarGhaeltachta le blianta beaga anuas, de bharr forbairtí ar nós Acht na Gaeltachta agus an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Déanfar é sin trí iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga reatha sa Ghaeltacht agus san iarGhaeltacht. Gheofar eolas ar theoiricí a bhaineann le forbairt pobail agus cruthú áite agus sinn ag baint leas as lionsaí a bhaineann go háirithe le poba(i)l na Gaeilge.

Gheobhaidh tú treoir maidir le hathbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar phróiseas reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus san IarGhaeltacht agus cothófar feasacht maidir leis an suíomh náisiúnta/idirnáisiúnta, agus an tírdreach straitéise san áireamh. Oilfear rannpháirtithe le pleanáil go gníomhach do straitéisí feasachta agus do phróisis pleanála teanga, Ar chríochnú an mhodúil seo dóibh, beidh rannpháirtithe inniúil ar luacháil a dhéanamh ar phlean teanga, agus iad ag baint leas as uirlisí agus modhanna a thagann le dea-chleachtas i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga

Déanfar measúnú ar an modúl seo trí mheasúnú leanúnach agus/nó i bhfoirm aiste acadúil/cur i láthair/ cás-staidéar/ cuntas ar ghníomh praiticiúil sa phobal/do spriocghrúpa ar leith faoi chritéir a leagfar amach.

Cuirfidh rannpháirtithe eolas ar shaothrú an phróis Ghaelaigh san Eoraip agus in Éirinn sa seachtú haois déag, san ochtú haois déag agus isteach sa naoú haois déag.

Déanfar mionléamh ar shaothair agus plé ar fhorbairt na filíochta sa seachtú, ochtú agus sa naoú haois déag; Léifear saothair mhóra fhilíocht na Gaeilge ó thosach deireadh na tréimhse ag díriú ar na cineálacha difriúla filíochta a saothraíodh agus ar shaothar roinnt d’fhilí móra na tréimhse. Pléifear tuairimí scoláirí na Gaeilge maidir le litríocht na tréimhse. Díreofar ar thraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge, ar lucht a scríofa agus lucht a léite, agus déanfar lámhscríbhinní a léamh agus tús a chur le forbairt scileanna eagarthóireachta maidir le téacsanna ó lámhscríbhinní.

Beidh aiste taighde le déanamh ag mic léinn ina mbeidh deis acu tuiscint a léiriú ar chúlra agus ar chomhthéacs agus ar ábhar litríocht Ghaeilge na tréimhse.

Togra Taighde/Miontráchtas taighde

Is tar éis chríoch an teagaisc i Seimeastar an Earraigh a thosaítear ar an togra taighde/an miontráchtas. Léiríonn an miontráchtas nó an togra taighde na hinniúlachtaí ardleibhéil a theastaíonn do cháilíocht ag leibhéal a 9 de chuid an QQI (Quality and Qualifications Ireland) in Éirinn. Cruthaíodh an modúl seo chun go mbeadh ar chumas an mhic léinn taighde nuálaíoch a dhéanamh faoi stiúir dhuine d’fhoireann léachtóirí an chúrsa ar ábhar atá gaolmhar le hábhair na modúl a mhúintear ar an gcúrsa agus go mbeadh ar a c(h)umas torthaí an taighde seo a chur i bhfóraibh a chéile i bhfoirm tráchtais scoláiriúil nó togra taighde ardchaighdeáin a scríobhfar i nGaeilge chruinn bheacht. Beidh miontráchtas taighde nó togra taighde le scríobh as Gaeilge ar ábhar a bheidh gaolmhar le hábhair mhodúil eile an chúrsa agus é le tabhairt isteach roimh dháta i mí Lúnasa a fhógrófar roimh ré. Beidh Stiúrthóir pearsanta ar fáil do gach mac léinn le tacú leo sa taighde seo. Cuireann an togra taighde/miontráchtas ar chumas mac léinn a gcumas modheolaíocht oiriúnach a roghnú agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scileanna anailíse agus taighde, i réimse a fhreagraíonn do shainspéiseanna agus sainriachtanais oiliúna an mhic léinn.

Riachtanais Iontrála

Bunchéim sa Ghaeilge ag leibhéal 2.2 nó leibhéal níos airde (nó Céim 2.2 nó leibhéal níos airde i mbunchéim eile). Is féidir go nglacfadh an Roinn le hiarrthóir nach gcomhlíonfadh na critéir thuas ach a mbeadh taithí chruthanta/cáilíocht acu a chuirfeadh ar a gcumas tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir go lorgódh an Roinn fianaise ar ardinniúlachtaí Gaeilge idir labhartha agus scríofa. Is féidir go lorgófaí fianaise ó iarratasóirí go bhfuil an mianach agus na hinniúlachtaí acu le tabhairt faoin gclár.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir cur isteach ar an gclár anois.

Comhlánaigh na céimeanna thíos le hiarratas a dhéanamh:

  1. Déan an fhoirm a íoslódáil anseo agus líon isteach é (Tá uimhir íocaíochta tháille iarratais (application fee) ag teastáil).
  2. Faigh cóip de do thras-scríbhinn coláiste agus cuir leis an iarratas é.
  3. Íoc an taille anseo agus cuir an fhoirm iarratais chuig TaughtProgrammes@mic.ul.ie le cc chuig Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie.
  4. Íoc an éarlais neamh inaisíoctha 50 euro anseo agus tú ag baint leasa as Stripe. Seol ar ais an t-iarratas agus do thras-scríbhinn trí rphost chuig: TaughtProgrammes@mic.ul.ie le cc Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie.

Is é an dáta deiridh le hiarratais a sheoladh ar aghaidh ná an Aoine 31 Bealtaine 2024.

Más mian leat eolas neamhfhoirmeálta a fháil faoin gclár nó aon ghné de a phlé is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir an chláir, An Dr Róisín Ní Ghairbhí, Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie.

Iarratasóir nach as an Aontas Eorpach iad

Beidh fáilte roimh iarrthóirí idirnáisiúnta. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig idirnáisiúnta sula gcuireann tú isteach ar áit ar an gclár.

E: International@mic.ul.ie

T: +353 61 204988 / +353 61 774790

Táillí

Tá eolas faoi tháillí le fáil anseo.

Nóta: Is é Ollscoil Luimnigh a bhronnann céimeanna Choláiste Mhuire gan Smál agus tá aitheantas idirnáisiúnta ag cáilíochtaí ón gColáiste

Contact
Comhordaitheoir an Chláir
An Dr Róisín Ní Ghairbhí
+353 61 204330

Ceist a Chur

  • Réamhrá
  • Ábhar an Chláir
  • Riachtanais Iontrála
  • Conas Iarratas a Dhéanamh
  • Ceist a Chur