Close icon
Close icon
News

Tugtar cuireadh do Mhúinteoirí Nua chuig Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chuig comhdháil bhliantúil COGG agus CMgS

Three newly qualified teachers sitting in a lecture room for a conference

Beidh comhdháil do mhúinteoirí nua chuig earnáil an tumoideachais, i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) ar an 11 Deireadh Fómhair. Tá an chomhdáil á eagrú ag COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus CMgS, Luimneach. 

Reachtálfar an chomhdháil ar champas CMgS Luimneach ina mbeidh deis ag múinteoirí nua chuig an earnáil tumoideachais, bunscoile agus iarbhunscoile teacht le chéile agus foghlaim ghairmiúil a chur ar bun le haoichainteoirí, cleachtóirí agus múinteoirí i gcomhthéacsanna an tumoideachais. Beidh béim ach go háirithe ar churaimí an mhúinteora nuacháilithe agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas ionduchtaithe ar a thugtar, Droichead.  

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa: "Chuireamar tús leis an gcomhdháil seo an bhliain seo caite agus bhí an-spéis ag múinteoirí nuacháilithe ann. I mbliana fáiltímid roimh mhúinteoirí nuacháilithe agus múinteoirí nua chuig earnáil an tumoideachais.  Beidh deiseanna iontacha ann ag múinteoirí teacht le chéile, éisteacht le haoichainteoirí, le cleachtóirí agus le múinteoirí agus foghlaim faoi dhea-chleachtais i scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Gné níos tábhachtaí fós go mbraithfeadh siad go bhfuil tacaíocht agus comhairle ann dóibh agus iad ag tosú ar a n-aistear agus a saol gairmiúil trí Ghaeilge agus i suíomhanna Gaeltachta agus tumoideachais. Guímid gach rath ar an gcomhdháil agus ar na múinteoirí nuacháilithe agus múinteoirí nua chuig earnáil an tumoideachais”. 

Dúirt Déan an Oideachais, CMgS, An tOllamh Emer Ring:“Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an gComhdháil do Mhúinteoirí Nuacháilithe arís i mbliana i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. D’éirigh leis an gcéad chomhdháil an bhliain seo caite tús spleodrach a chur leis an obair ríthábhachtach seo, tacú le deiseanna foghlama gairmiúla an mhúinteora nuacháilithe i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá forbairt déanta ar an gcomhdháil i mbliana ina chuirfear fáilte is fiche roimh mhúinteoirí nua chuig an earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus ní múinteoirí nuacháilithe amháin. Aithnímid an ríthábhacht a bhaineann le tacú le múinteoirí ar chontanam an oideachais do mhúinteoirí agus cuireann an ócáid seo deis ar fáil do mhúinteoirí teacht le chéile chun mórcheisteanna agus dea-chleachtais na hearnála a iniúchadh go comhroinnte. Táimid ríméadach a bheith ag obair i gcomhpháirt le COGG agus ag súil go mór le fáilte a chur roimh MNCanna chuig an gcoláiste i mí Dheireadh Fómhair”. 

An Dr Róisín Ní Mhulláin, Toirdealbhach Ó Lionáird (COGG), An Dr. Karen Ní Chlochasaigh agus Caoimhe Nioclás  (CMgS) atá ar choiste pleanála na comhdhála. Ar son an choiste agus an Choláiste, dúirt an Dr Karen Ní Chlochasaigh: “Táimid ag obair le COGG chun comhdháil a chur ar fáil a dhéanann freastal ar na sainriachtanais atá ag múinteoirí nuacháilithe agus múinteoirí nua chuig earnáil an tumoideachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus conas tacú leo go praiticiúil bunaithe ar na riachtanais foghlama ghairmiúla atá acu. Is deis iontach í seo chun saineolas agus taithí a roinnt a bhaineann go sonrach leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tá an-áthas orainn go mbeidh múinteoirí atá ag obair san earnáil linn le cainteanna praiticiúla agus dea-chleachtais a roinnt.’ 

Féadfar freastal ar an lá mar chuid de na Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise, faoi réir polasaí Droichead, tar éis dul i gcomhairle leis an bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla sa scoil.  

Cláraigh anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.

 

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe 2024
Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe 2024

New Teachers appointed to Irish medium and Gaeltacht schools are invited to an annual conference being hosted by COGG and MIC

A conference for newly qualified teachers and new teachers to the immersion education sector, in all-Irish and Gaeltacht primary and post-primary schools, will take place at Mary Immaculate College (MIC) on the 11 October 2025. The conference is being organised by COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, and MIC, Limerick.

The conference will be held on the MIC Limerick campus where new teachers in the immersion sector, primary and post-primary education will have the opportunity to come together for professional learning with guest speakers, practitioners, and teachers in the immersion education sector. There will be particular emphasis on the responsibilities of the newly qualified teacher as they engage in the induction process, Droichead. 

The Chief Executive of COGG, Jaqueline Ní Fhearghusa, said:  “We started this conference last year and there was great interest from newly qualified teachers. This year we welcome newly qualified teachers and new teachers to the immersion education sector. There will be excellent opportunities for teachers to come together, listen to guest speakers, practitioners, and teachers, and learn about best practices in Gaeltacht schools, Gaelscoileanna, and Gaelcholáistí. More importantly, they should feel that there is support and guidance available to them as they begin their journey and professional life through Irish and in Gaeltacht and immersion education settings. We wish every success to the conference and to the newly qualified teacher and new teachers in the immersion education sector”.

The Dean of Education at MIC, Professor Emer Ring, stated: “We are very pleased to welcome the Conference for Newly Qualified Teachers again this year in partnership with An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. The first conference last year successfully initiated this vital work, supporting the professional learning opportunities of newly qualified teachers in all-Irish and Gaeltacht schools. This year’s conference has developed further, welcoming new teachers to the all-Irish and Gaeltacht education sector, not just newly qualified teachers. We recognise the critical importance of supporting teachers on the continuum of education for teachers, and this event provides an opportunity for teachers to come together to explore major issues and best practices in the sector collaboratively”.

Dr Róisín Ní Mhulláin, Toirdealbhach Ó Lionáird (COGG), Dr Karen Ní Chlochasaigh, and Caoimhe Nioclás (MIC) are on the planning committee for the conference. On behalf of the committee and the College, Dr Karen Ní Chlochasaigh said: “We are working with COGG to provide a conference that addresses the specific needs of newly qualified teachers and new teachers entering the immersion education sector in all-Irish and Gaeltacht schools and how to practically support them based on their professional learning needs. This is a fantastic opportunity to share expertise and experience specifically related to all-Irish and Gaeltacht education, and we are pleased that teachers working in the sector will be with us to share practical talks and best practice”.

Attendance on the day may be part of the Additional Professional Learning Activities, subject to Droichead policy, after consulting with the School Career Support Team.

Register here.

For more information, click here.