Close icon
Close icon
News

MA nua MIC sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal): Clár nua MA sa Ghaeilge curtha ar fáil agus tírdreach na Gaeilge ag athrú

Female in orange top sitting at a table with a laptop and wearing headphones

Tá lúcháir ar Choláiste Mhuire gan Smál (MIC) a fhógairt go bhfuil MA úrnua sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal) le cur ar fáil ar líne. Beidh deis ag mic léinn a n-éiríonn leo áit a ghnothú ar an gclár seo tabhairt faoin MA i Meán Fómhair 2024.

Tá an clár nuálach bliana seo, a bheidh le fáil ó thús deireadh ar líne, dírithe ar dhaoine ar spéis leo a gcuid eolais ar Léann na Gaeilge a fhorbairt, agus scileanna ceannaireachta a shealbhú. Beidh deis ag rannpháirtithe an chláir eolas a shealbhú ar chroí-réimsí Léann agus Litríocht na Gaeilge, ar Léann an Chultúir agus ar na hEalaíona Gaeilge agus ar An tSochtheangeolaíocht agus an Phleanáil Teanga. Anuas ar chlár téagartha acadúil, déanfar forbairt ar scileanna feidhmeacha le faobhar a chur ar ghníomhaíochtaí rannpháirtithe ina gcuid réimsí gairmiúla agus maidir lena réimsí spéise. Forbrófar sárscileanna cumarsáide, idir scileanna labhartha, scíofa agus éisteachta, agus sealbhóidh rannpháirtithe tacar scileanna anailíseacha, comhairliúcháin, eagrúcháin agus pleanála.

Foghlaimeoidh rannpháirtithe trí mheascán de cheardlanna idirghníomhacha beo (dhá thráthnóna sa tseachtain) agus acmhainní saibhre spreagúla foghlama a mbeidh teacht orthu ar bhonn solúbtha. Cuirfidh baill lánaimseartha Roinn na Gaeilge ábhar an chláir ar fáil, le hionchur breise ó chomhghleacaithe i ndisciplíní eile.

Gné shainiúil ar leith de chuid an chláir is ea an t-ionchur a bheidh ag saineolaithe seachtracha i ndearadh ábhar foghlama na modúl, agus i ndearadh measúnuithe. Forbróidh na rannpháirtithe dhá arm aigne – sealbhóidh siad eolas acadúil ar shaíocht na Gaeilge agus léargais a bhaineann leis an saol gairmiúil. Fágfaidh sé seo go mbeidh bonn láidir scileanna agus eolais ag céimithe an chláir a chuirfidh ar a gcumas a bheith ina n-eiseamláirí den dea-chleachtas ina gcomhthéacsanna éagsúla gairme.

Arsa Comhordaitheoir an Chláir, an Dr Róisín Ní Ghairbhí: ‘Is amhlaidh gur fhorbair Roinn na Gaeilge Choláiste Mhuire gan Smál an cháilíocht nuálach seo toisc go dtuigimid go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar chomhthéacs na Gaeilge agus ar thírdhreach acadúil na hÉireann le tamall anuas.

Tá fás mór ar earnáil na fostaíochta Gaeilge agus is réimse é a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis. Tá éileamh ar fhostaithe a bhfuil tacar scileanna agus eolas oiriúnach acu chun rólanna a líonadh.  Aithnímid go háirithe go bhfuil gá le cáilíocht a chur ar fáil a chuimseoidh, ar thaobh amháin, eolas acadúil ardleibhéil agus ar an taobh eile, scileanna feidhmeacha acadúla, gairmiúla, idirphearsanta agus ceannaireachta.

Cothófar sa chlár na tacair nua scileanna a fhreagróidh do na forbairtí suntasacha atá tagtha chun cinn sa Phleanáil Teanga. Tabharfar aghaidh ar na riachtanais oiliúna a bheidh ag eascairt as Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú 2021).

Dearadh an clár ionas go bhféadfaí pobal cleachtais a chothú a bheidh tiomanta don phiarfhoghlaim, do réiteach fadhbanna agus a mbeidh scileanna praiticiúla ceannaireachta acu. Cuirfidh an cháilíocht acadúil seo le cleachtas gairmiúil na gcéimithe agus/nó le taighde amach anseo agus cuirfidh sé ar a gcumas dea-chleachtas a chur chun cinn, agus cur chuige malartach a chur i bhfeidhm i réimsí agus i ngairmeacha beatha éagsúla, mar shampla, Léann na Gaeilge, earnáil na Gaeilge i gcoitinne, agus suíomhanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail. Beidh léargais a bhaineann leis an nGaeilge mar fhís stiúrtha na rannpháirtithe agus beidh siad inniúil ar phleanáil ar mhaithe le dea-chlachtas agus ar mhaithe le hathrú a thabhairt i gcrích..

Deir an Dr. Ní Ghairbhí: "Gné nuálach ar leith den chúrsa an t-ionchur ó shaineolaithe seachtracha. Tabharfaidh an cur chuige seo deis do rannpháirtithe teacht ar an taighde is nua-aimseartha agus léargais agus scileanna a shealbhú a chuirfidh faobhar lena ngníomhaíochtaí gairmiúla.

Reachtálfar na modúil Teanga agus Cumarsáide i gcomhar le Tuairisc.ie agus tá ionchur ag Roinn na Meán agus na Cumarsáide de chuid Choláiste Mhuire gan Smál agus ag Roinn Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta sna modúil ábhartha chomh maith. Tuigimid go mbíonn cúraimí agus ceangail éagsúla ar dhaoine sa lá atá inniu ann agus mar sin, beidh deis ag rannpháirtithe foghlaim a dhéanamh trí mheascán de sheimineáir idirghníomhacha bheo dhá thrathnóna sa tseachtain agus ag tógaint agus ag cur leis sin, trí fhoghlaim aisioncronach, modh seachadta a cheadaíonn solúbthacht maidir le tarraingt ar ábhar agus acmhainní foghlama.'

Oirfidh an MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal) do réimse leathan iarratasóirí, lena n-áirítear daoine a bhfuil spéis mhór acu i Léann na Gaeilge, iad siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide agus teanga, agus iad siúd ar mian leo cur lena scileanna pleanála agus ceannaireachta.

I measc ábhar an chláir tá Litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an 21ú haois, Sochtheangeolaíocht agus Pleanáil Teanga, agus Léann an Chultúir agus na hEalaíona Gaeilge. I measc an ábhair a bheidh á chlúdach sna modúil Ceannaireacht agus Dea-Chleachtas Gairmiúil tá coincheap na ceannaireachta, an dea-chleachtas ó thaobh dul i gcomhairle agus i bpáirt le daoine agus le pobail, treoir maidir le deiseanna a aithint agus a thapú, scileanna eagrúcháin agus an phleanáil a thagann i gceist agus athrú beartaithe. Tacóidh croímhodúil eile le rannpháirtithe a n-inniúlachtaí teanga, cumarsáide agus taighde a fhorbairt, ar bhealach a fhreagróidh dá gcuid riachtanas agus spéiseanna.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár le fáil ar shuíomh lín an chláir anseo.