Close icon
Close icon
News

Luach €500,000 de scoláireachtaí agus sparánachtaí bronnta ar mhic léinn agus ar chéimithe ag Dámhachtainí Coláiste CMgS

Bronnadh beagnach leathmhilliún euro i scoláireachtaí agus i sparánachtaí ar mhic léinn, ar chéimithe agus ar alumni Choláiste Mhuire gan Smál (CMgS) ag Searmanas Bronnta bliantúil an Choláiste ar an Máirt 29 Mí na Samhna. Sa tsuim airgid is mó a bronnadh riamh ag ócáid den tsaghas seo i gCMgS, dhein lán an tí de lucht féachana in Amharclann Chrann Teile ar champas Luimnigh CMgS ceiliúradh ar ghaiscí, acadúil nó eile, céad tríocha cúig mac léinn agus céimí.

Ina measc siúd ar deineadh ceiliúradh ar a n-éachtaí ar an oíche bhí ceathrar céimí ar bronnadh Dámhachtainí Alumni CMgS orthu mar aitheantas ar a rathúlacht ina réimsí roghnaithe. Bronnadh dámhachtain ar Tommy Bulfin, ó Luimneach ó dhúchas, as an méid atá bainte amach aige sna meáin chumarsáide, bhí sé mar léiritheoir feidhmiúcháin ar seónna cosúil le Peaky Blinders agus Normal People mar chuid dá ról leis an BBC. Deineadh ceiliúradh ar a chomhchéimí sna Dána, Micheál Lehane as Ciarraí, as a ról mar chomhfhreagraí polaitíochta RTÉ agus mar ghlór iontaofa le linn na paindéime in Éirinn. Bronnadh Dámhachtain Alumni CMgS ar réalta rugbaí na hÉireann agus céimí de chuid na gclár Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus MA san Oideachas ag CMgS, Ciara Griffin, mar aitheantas dá cuid éachtaí spóirt. D’imir an Ciarraíoch 41 babhta dá tír agus bhí sí mar chaptaen ar a tír ar feadh trí bliana. Bronnadh Dámhachtain Alumni CMgS chomh maith ar an Stiúrthóir Oibríochtaí Daoine le Google Ireland, Helen Tynan. As Corcaigh ó dhúchas agus bhain Helen céim amach mar Mhúinteoir Bunscoile sula ndearna sí staidéar sna hAcmhainní Daonna. Thosaigh sí le Google in 2010 le taithí de bhreis cúig bliana is fiche aici i bpoist shinsearacha i réimse na nAcmhainní Daonna le comhlachtaí ilnáisiúnta mar Dell, Oracle agus General Electric.

Dámhachtainí Alumni CMgS
Dámhachtainí Alumni CMgS
Micheál Lehane, Ciara Griffin Helen Tynan agus Tommy Bulfin

Bronnadh Dámhachtainí Iarchéime agus Iardhochtúireachta Rialtas na hÉireann de chuid Chomhairle Taighde na hÉireann ar chúigear mac léinn dochtúireachta CMgS le déanaí arbh fhiú beagnach €250,000 iad chun tacú lena dtaighde PhD. Tá Amélie Gaillat ó Montpellier na Fraince i mbun taighde ar phóilíneacht lárnaithe agus réigiúnach sa Fhrainc, i Sasana agus in Éirinn idir 1870 agus 1925; Tá Aoife Munroe ó Chlár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo ag imscrúdú taithí cailíní uathacha i seomraí ranga príomhshrutha; tá Caitlin Nolan as Trá Lí, Co. Chiarraí ag déanamh staidéir ar mhúinteoirí Béarla dúchais agus neamhdhúchasacha agus ar a bhféiniúlacht; tá Keith Ó Riain as Craobh Chomhartha, Co. Luimnigh i mbun taighde ar shaol an táilliúra Ghaelaigh agus an fhile Sheacaibítigh, Éadbhard de Nógla; agus Margaret O’Brien as Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe ag imscrúdú maoiniú na n-ord mainistreach meánaoiseach agus an tionchar ar na heaglaisí paróiste agus áitiúla i Luimneach agus i dTiobraid Árann.

Dámhachtainí Iarchéime agus Iardhochtúireachta Rialtas na hÉireann

Bronnadh Scoláireacht Iontrála CMgS de luach €2,000 an ceann ar 53 mac léinn sa chéad bhliain ó cheann ceann na tíre mar thoradh ar na pointí LOI a bhaineadar amach i scrúduithe na hArdteistiméireachta. Bronnadh sparánachtaí CLG na Mumhan de luach €750 an ceann ar dháréag mac léinn fochéime eile atá ag feidhmiú ag barr a réimse ina spóirt roghnaithe, agus bronnadh Sparánacht Rachel Kenneally, a bhronntar gach bliain i gcuimhne ar iar-mhac léinn CMgS agus ar Pheileadóir na mBan ó Thiobraid Árann Rachel Kenneally, ar Rose Hyland ó Luimneach. Bronnadh a gcuid dámhachtainí go hoifigiúil chomh maith ar Scoláirí Spóirt Scothaicme CMgS, Thomas Devaney agus Clíona Healy, agus bronnadh a ndámhachtainí ar Scoláirí Spóirt CMgS Chumann Imreoirí Gael 2022, Diarmuid Ryan agus Caoimhe Costello.

Bronnadh Sparántacht Chuimhneacháin Shellie Murtagh ar Jack Hayes ó Bhlarna i gCo. Chorcaí. Bronntar tarscaoileadh táille agus sparánacht de €500 ar mhac léinn iarchéime ar mian leis/léi a dtráchtas a dhéanamh i réimse an uathachais agus tá sé maoinithe ag teaghlach Shellie Murtagh agus CMgS. Ba mhac léinn Baitsiléir Oideachais (Bunmhúinteoireacht) í Shellie agus faraor fuair sí bás le hailse i Mí na Samhna 2013. Bhí máthair Shellie, Dorothy Nevin i láthair chun a dhámhachtain a bhronnadh ar Jack.

Bronnadh Scoláireacht TOMAR Trust PATH ar Ruairí Duffy, mac léinn na chéad bhliana san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Chuntasaíocht, as Co. Mhuineacháin. Le luach €2,500, tá an Scoláireacht á tairiscint ag Iontaobhas TOMAR chun tacú le clár PATH CMgS, a bhfuil sé mar aidhm aige aitheantas a thabhairt do mhic léinn a aistríonn le gradam óna gclár Breisoideachais go ceann de chláir um oiliúint tosaigh múinteoirí CMgS Durlas.

Student pictured with her family at the MIC College Awards 2022
Searmanas Dámhactainí