Close icon
Close icon
News

MIC to host international conference on Finn Mac Cumhaill & Fianna Éireann

Conference graphic

Mary Immaculate College (MIC) will host the Fourth International Finn Cycle Conference this June, which will mark the first time the conference has visited Ireland. Held over three days from Thursday 23 June to Saturday 25 June, the event has attracted Fíanaigecht scholars from all over Ireland, Scotland, Europe and the United States of America.

Twenty-eight expert speakers will deliver papers on virtually every aspect of the long Fiannaíocht tradition (the tradition concerning Fionn Mac Cumhaill and Fianna Éireann) from the earliest times down to almost the present day, including plenary speeches from Dr Natasha Sumner (Harvard University) and Dr Kevin Murray (University College Cork). These papers will focus on the Scottish Gaelic Tradition, Place and Places; Re-assessing identities in the Finn Cycle; Animals in the Finn Cycle; Acallam Texts and their influences; and Locating and Re-Locating the Finn Cycle tradition. In addition to these scholarly papers there will be a workshop devoted to the tradition of the singing of Fenian lays (Laoithe na Féinne) involving participants from both Ireland and Scotland. A field trip to Cnoc Fírinne in West Limerick, a place associated with Fíanaigecht lore, is also planned for the Saturday. In addition to the various lectures and discussions, two Irish-language manuscripts will also be on exhibit as part of the conference, on loan from the Diocese of Limerick Archive

The organisers are also grateful to Colmcille/Foras na Gaeilge for sponsoring the workshop on the Fenian lays (Laoithe na Féinne) and to the Department of Modern Irish, University College Cork, for co-funding, together with the Department of Irish, Mary Immaculate College, this important conference.

The conference has been organised by: Dr Breandán Ó Cróinín, Department of Irish, Mary Immaculate College, Dr Geraldine Parsons (University of Glasgow), Dr Sharon Arbuthnot, (Sabhal Mòr Ostaig/University of Cambridge), and Dr Síle Ní Mhurchú (Department of Modern Irish, University College, Cork).

Dr Breandán Ó Cróinín, Head of the Department of Irish, said: "I am delighted that this Finn Cycle Conference will be hosted by the Department of Irish in Mary Immaculate College. This is the first time that this particular conference has taken place in Ireland, and since we have a certain emphasis this year on the Fiannaíocht tradition in Munster, it is really appropriate that is here in Limerick, a place which was very important in development of the same tradition, that it is taking place. We will have Irish manuscripts containing Fiannaíocht material on exhibit – with the kind permission of the Limerick Diocesan Archive – and this will certainly add to the local flavour of this international conference."

The conference will include the launch of The Gaelic Finn Tradition II (edited by Sharon Arbuthnot, Síle Ní Mhurchú and Geraldine Parsons and published by Four Courts Press) and Dr Natasha Sumner’s Fionn Cycle Folklore Online Database.

Tá áthas ar Choláiste Mhuire gan Smál óstáil a dhéanamh ar FIONN IV: An Ceathrú Comhdháil Idirnáisiúnta ar an bhFiannaíocht, an chéad uair ag an gcomhdháil seo a bheith ar siúl in Éirinn. Leanfaidh an chomhdháil ar feadh trí lá ón Déardaoin an 23ú Meitheamh go dtí an Satharn an 25ú Meitheamh 2022, is beidh scoláirí Fiannaíochta ag teacht chuici ó ar fuaid na hÉireann, na hAlban agus na hEorpa, agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Táimid an-sásta gurb iad an Dr Natasha Sumner (Ollscoil Harvard) agus an Dr Kevin Murray (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a thabharfaidh na príomhléachtaí. Ar an iomlán beidh ocht gcainteoirí is fiche ag léamh páipéar ar nach mór gach aon ghné de thraidisiún na Fiannaíochta (an traidisiún a bhaineann le Fionn mac Cumhall agus Fianna Éireann) ón tréimhse is luaithe anuas go dtínár linn féin nó geall leis. Cé go mbeidh formhór na bpáipéar á dtabhairt i mBéarla, beidh cúig cinn de pháipéir á dtabhairt i nGaeilge agus ceann amháin i nGàidhlig na hAlban.

Díreoidh na páipéir seo ar Ghnéithe de Thraidisiún na hAlban, Áit agus Áiteanna, Athbhreithniú ar Chúrsaí Féiniúlachta i Sraith na Féinne, Gnéithe de Thóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, an Traidisiún Déanach in Érinn, Traidisiún na Fiannaíochta sa Mhumhain, Ainmhithe sa bhFiannaíocht, Téacsanna a bhaineann le hAgallamh na Seanórach, agus Suíomh agus Athshuíomh na Fiannaíochta. Chomh maith leis seo, beidh ceardlann amháin a dhíreoidh ar an traidisiún a bhaineann le canadh na laoithe Fiannaíochta in Éirinn agus in Albain, is beidh rannpháirtithe ó Éirinn agus ó Albain bainteach léi seo.

Tá turas go Cnoc Fírinne in Iarthar Luimnigh beartaithe chomh maith (ag brath ar uimhreacha). Beidh lámhscríbhinní Gaeilge, a chaomhnaíonn téacsanna Fiannaíochta ar nós Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne ar taispeáint chomh maith mar chuid den chomhdháil. Táthar buíoch de Chartlann Dheoise Luimnigh as na lámhscríbhinní a thabhairt ar iasacht do Leabharlann an Choláiste. Tá lucht eagraithe na Comhdhála buíoch chomh maith de Cholmcille/Foras na Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an gceardlann seo ar na Laoithe na Féinne agus de Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh as cómhaoiniú a dhéanamh ar an gcomhdháil thábhachtach seo le Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál.

Seolfar The Gaelic Finn Tradition II (in eagar ag Sharon Arbuthnot, Síle Ní Mhurchú agus Geraldine Parsons, agus á fhoilsiú ag Four Courts Press) agus an Fionn Cycle Folklore Online Database atá forbartha ag an Dr Natasha Sumner.

Coiste Eagraithe na Comhdhála: An Dr Breandán Ó Cróinín, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, An Dr Geraldine Parsons (Ollscoil Glaschú), An Dr Sharon Arbuthnot, (Sabhal Mòr Ostaig/Ollscoil Cambridge), agus An Dr Síle Ní Mhurchú (Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh).

Dúirt An Dr Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge, an méid seo i dtaobh na comhdhála: "Tá an-áthas orm go bhfuil an chomhdháil seo ar an bhFiannaíocht á hóstáil ag Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál. Is é seo an chéad uair ag an gcomhdháil seo a bheith ar siúl in Éirinn agus toisc go bhfuil béim againn cuid mhaith ar thraidisiún na Fiannaíochta i gCúige Mumhan i mbliana, is cuí gur anso i Luimneach, áit a bhí an-tábhachtach i bhforbairt an thraidisiúin chéanna, a bheidh sí ar siúl. Dar ndóigh beidh lámhscríbhinní Gaeilge ina bhfuil ábhar Fiannaíochta á dtaispeáint againn mar chuid den gcomhdháil chomh maith – le caoinchead Chartlann Dheoise Luimnigh – rud a chuirfidh leis an mblas áitiúil a bheidh ar an gcomhdháil idirnáisiúnta so."

Eolas: Finnivconference@gmail.com