Close icon
Close icon
News

Déanann CMgS ceiliúradh ag ócáid bhronnta céime ar 1,500 céimithe

Three students in gowns

Bhí go leor ceiliúrtha i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) an tseachtain seo nuair a bronnadh dámhachtainí acadúla ar nach mór 1,500 mac léinn ó 30 contae, 25 tír agus 5 mhór-roinn sa bhreis is 30 clár fochéime agus iarchéime a reáchtáileann an Coláiste san Oideachas agus sna Dána.

Ag labhairt dó ag na searmanais bhronnta, rinne an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán CMgS comhghairdeachas leis na céimithe as ucht a gcuid éachtaí, ag rá: ““On behalf of MIC – your Alma Mater – I want to extend my warmest congratulations to you for arriving at this important milestone in your lives. We all share your pride today and we delight in your presence. My earnest wish for you is that the personal qualities and characteristics that you have developed will be key assets in enabling you to flourish both professionally and personally.”

I measc an chohóirt a bhain céim amach bhí 30 mac léinn ar bronnadh dámhachtainí dochtúireachta orthu, an líon is airde céimeanna taighde a bronnadh i stair an Choláiste. I measc na réimsí taighde spreagúla nua a dhein lucht bronnta dochtúireachta bhí: An Dr Andrew Jordan ó Chathair Luimnigh, ar bronnadh dochtúireacht air don iniúchadh a dhein sé ar phobal cleachtais cheoil, ba é ‘Music Generation’ Cathair Luimnigh a úsáideadh mar chás-staidéar ina chuid taighde; an Dr Aisling Mythen ó Thrá Lí, Co. Chiarraí ar bhain a cuid taighde le fiosrúchán insinte bunaithe ar na healaíona liteartha ar eispéiris saoil na mban i mBainistíocht agus i gCeannaireacht Ardoideachais in Éirinn; an Dr Tom Carroll ón nDruipseach, Co. Chorcaí a dhein measúnú ar an gcomhoiriúnacht idir aireachas agus éitis sa Bhunscoil Chaitliceach Éireannach; agus an Dr Ciara Concannon ón gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe ar bronnadh dochtúireacht uirthi as a cuid taighde ar riachtanais na mac léinn a bhfuil Deacrachtaí Urlabhra, Teanga agus Cumarsáide acu i mbunscoileanna na hÉireann.

Tugadh aitheantas chomh maith do roinnt buaiteoirí fochéime as a gcuid éachtaí suntasacha le linn na dtrí shearmanas, ina measc bhí Mary O'Riordan ó Mhaigh Chromtha, Co. Chorcaí, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach ar an BA san Oideachas (Iar-bhunmhúinteoireacht), agus Bonn Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, a bhronntar ar an gcéimí a bhfuil barr feabhais bainte amach acu san oideachas agus sa socrúchán scoile ar a gclár múinteoireachta iar-bhunscoile.

Grace O'Connor as Baile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár BA sna Dána, mar aon le Dámhachtain Iontaobhas Naomh Bonaventure as an gcéad áit a bhaint amach sa Diagacht agus i Staidéar ar Reiligiúin mar chuid dá staidéir ar an mBaitsiléir sna Dána. Bronnadh Dámhachtain Iontaobhas Naomh Bonaventure ar Bhéibhinn Byrne, as Tigh na hÉille, Co. Chill Mantáin, as an gcéad áit a bhaint amach sa Diagacht agus i Staidéar ar Reiligiúin mar chuid dá BA san Oideachas (Iar-bhunmhúinteoireacht) agus bronnadh Bonn Aontas Múinteoirí Éireann uirthi mar aitheantas dá sármhaitheas sa phunann oideachais.

Bhronn Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann, John Driscoll, Dámhachtain Bonn Vere Foster ar Mhairéad Brosnan as Trá Lí, Co. Chiarraí as an gcéad áit a bhaint amach i Socrúchán Scoile ar an gclár B.Oid san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus sa tSíceolaíocht. Bronnadh Duais Carlisle agus Blake ar Mhairéad freisin, bronnta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ar an gcéimí ar bronnadh an chéad áit orthu san Oideachas, sa Teoiric agus sa Chleachtadh ar an gclár céanna. Bronnadh Dámhachtain Bonn Vere Foster ar Niamh McKeon as Bun Machan, Co. Phort Láirge, bronnta ag Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann, as an gcéad áit a bhaint amach sa Socrúchán Scoile ar an gclár Bhaitsiléara san Oideachas (Bunmhúinteoireacht).

I measc na mac léinn eile ar bronnadh dámhachtainí orthú don sármhaitheas acadúil bhí: Ryan Goodfellow ó Mhainistir ó dTorna, Co. Chiarraí, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste air as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár BA i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha agus Feidhmeach; Jane Henry as Baile an Fhaoitigh, Co. Luimnigh, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár Baitsiléir an Oideachais (Bunmhúinteoireacht); Clodagh Carey as Trá Lí, Co. Chiarraí, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár Baitsiléir sna Dána i gCúram agus in Oideachas na Luath-Óige; Emma Ambrose as na hUamhanna, Co. Chorcaí, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht).

Bronnadh Bonn Dheoise Luimnigh ar Brid Brennan, as Mala, Co. Chorcaí, as an gcéad áit a bhaint amach sa Teastas san Oideachas Reiligiúnach sa chlár B.Oid san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) & Síceolaíocht. Bronnadh Bonn Dheoise Luimnigh ar Úna Ryan as Dún Eochaille, Co. Thiobraid Árann as an gcéad áit a bhaint amach sa Teastas san Oideachas Reiligiúnach sa chlár Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Bronnadh Bonn Uí Bhroiméil ar Sadhbh Ní Cheallaigh as Inis, Co. an Chláir as an gcéad áit a bhaint amach sa Ghaeilge ar an gclár Bhaitsiléara sna Dána agus as an tráchtas fochéime a chríochnú i Roinn na Gaeilge.

Ina measc siúd a rinne comhghairdeachas le céimithe an Choláiste as a gcuid éachtaí bhí roinnt alumni CMgS a sheol teachtaireachtaí físe ag guí gach rath ar Rang 2022, ina measc bhí: iar-pheileadóir Chiarraí Tomás Ó Sé; an chéad Eagarthóir ban riamh ar an nuachtán an Limerick Leader, Áine Fitzgerald; an t-údar Dan Mooney, Iar-Cheannasaí YouTube agus Oibríochtaí Físe do Google san Eoraip agus sa Mheánoirthear; David Graham, Ceannaire Nuachta Clare FM; Fiona Cahill, cleachtóir amharclainne; Ann Blake, craoltóir spóirt atá bunaithe sa tSeapáin; John Gunning, agus sagart na hiománaíochta mar a ghlaoití air, an tAthair Vincent Stapleton.

Bhí an Comhairleoir Frances Fitzgerald, Méara Luimnigh; an Dr Teresa Kirk, Príomhchigire Cúnta, An Roinn Oideachais agus Scileanna; John Driscoll, Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann; Liz Farrell, Uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann; Leas-Uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, Geraldine O’Brien; Uachtarán Ollscoil Luimnigh, an tOllamh Kerstin Mey agus Easpag Luimnigh, an tEaspag Brendan Leahy i láthair in éineacht leis na mic léinn chun comhghairdeachas a dhéanamh leo.