Close icon
Close icon
News

Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – Súil Siar agus Súil ar Aghaidh

Tumoideachas conference graphic

Beidh an Tríú Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh, ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ón 10 – 11 Meitheamh 2022. Ag an gcomhdháil, cuirfear deiseanna ar fáil do theangeolaithe, do thaighdeoirí agus d’oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus sa tumoideachas idirnáisiúnta araon machnamh criticiúil a dhéanamh ar thaighde i gcomhthéacs an tumoideachais agus an taighde sin a chomhroinnt. Soláthrófar deiseanna freisin leis na treochtaí nua i réimse síorathraitheach an tumoideachais a mhalartú agus a phlé. Cuirfear páipéir i láthair faoi na snáitheanna seo a leanas: Oideolaíocht agus Measúnú sa Tumoideachas, Ceannaireacht agus Foghlaim Ghairmiúil, An Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha

Cuirfear 3 eochairaitheasc, 3 shiompóisiam, 70 páipéar taighde agus 30 póstaer i láthair san ócáid dhá lá seo, lena n‑áirítear páipéir ó gach institiúid oiliúna múinteoirí ar oileán na hÉireann, agus ó eagraíochtaí agus ó ghníomhaireachtaí náisiúnta amhail an Chomhairle Mhúinteoireachta, Cumann Múinteoirí Éireann, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann. Beidh ateangaireacht chomhuaineach ar pháipéir ó Bhéarla go Gaeilge ar fáil freisin.

Beirt scoláirí mhóra i réimse an tumoideachais a thabharfaidh eochairaithisc na comhdhála. Déanfaidh Roy Lyster, Ollamh Emeritus leis an Oideachas Dara Teanga in Ollscoil McGill, Ceanada, plé ar an gcaoi ar cheart tacú le húsáid mharthanach na tumtheanga i gcláir thumoideachais i gcás inarb é an Béarla mhórtheanga na sochaí. Tabharfaidh Diane (Dee) Tedick, Ollamh leis an Oideachas Dara Teanga in Ollscoil Minnesota sna Stáit Aontaithe, eochairaitheasc ina gcuirfidh sí béim ar ghnéithe den fhorbairt ghairmiúil éifeachtach a meastar go bhfuil tábhacht leo le haghaidh an tumoideachais. Ina theannta sin, pléifidh painéal saineolaithe an t‑oideachas múinteoirí tumoideachais ó réimse peirspictíochtaí idirnáisiúnta. I measc na gcainteoirí, tá an Dr Ingeborg Birnie, Ollscoil Strathclyde, Glaschú, Albain, an Dr Kananinohea Maka'imoku, Ollscoil Haváí ag Hilo, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Sanna Pakarinen, PhD, Ollscoil Åbo Akademi, Vaasa, an Fhionlainn, agus Kebir Colmenero Perez, Ollscoil Thír na mBascach UPV/EHU, Tír na mBascach.

Dar le Stiúrthóir na Comhdhála, an Dr T.J. Ó Ceallaigh, Stiúrthóir na Staidéar Iarchéime Múinte san Oideachas, CMgS: Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an tumoideachas, ach léirítear roinnt de na dúshláin a bhaineann leis sa taighde freisin. Tá easnamh mór taighde ann ar raon leathan topaicí, go háirithe, forbairt múinteoirí sa tumoideachas agus  úsáid mharthanach na tumtheanga i gcláir thumoideachais i gcás inarb é an Béarla mhórtheanga na sochaí. Tá súil agam go dtiocfaidh díospóireacht chriticiúil chun cinn mar thoradh ar an bplé seo agus go gcothóidh an chomhdháil rannpháirtíocht agus líonraí don nuálaíocht, don chomhtháthú agus don fheabhas sa tumoideachas agus san oideachas dátheangach”.

Sa chomhdháil idirnáisiúnta seo, tugtar le chéile eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla mar chomhpháirtithe comhdhála, iad seo a leanas ina measc: Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Gaeloideachas; Foras na Gaeilge; agus Comhairle na Gaelscolaíochta.  Is féidir clárú anois ag www.tumoideachas.ie

All-Ireland Research Conference on Immersion Education - Taking Stock and Moving Forward

The Third All-Ireland Research Conference on Immersion EducationImmersion Education: Taking Stock and Moving Forward, will take place at Mary Immaculate College on 10 and 11 June 2022. This conference will provide opportunities for linguists, researchers and Irish-medium immersion and immersion educators internationally, to critically reflect on and share research in the context of immersion education, providing the space to exchange and discuss new directions in the ever-evolving field of immersion education. Papers will be presented under the following strands: Immersion Pedagogy and Assessment, Leadership and Professional Learning, and Policy and Innovation in Bilingual/Multilingual Communities.

During the two-day event, three keynote addresses, three symposia, 70 research papers and 30 posters will be presented, including papers from all teacher education institutions from the island of Ireland, and from national organisations and agencies such as the Teaching Council, the Irish National Teachers’ Organisation, Professional Development Service for Teachers, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) and Education and Training Boards Ireland (ETBI). Simultaneous translation of papers from Irish to English will also be provided.

Two leading immersion scholars in the field will provide conference keynotes. Roy Lyster, Professor Emeritus of Second Language Education at McGill University, Canada will discuss how to support sustained use of the immersion language in immersion programmes where English is the societally dominant language. In her keynote address, Diane (Dee) Tedick, Professor of Second Language Education at the University of Minnesota, USA, will highlight features of effective professional development deemed important for immersion contexts. An international expert panel will also discuss immersion teacher education from a range of international perspectives. Panel speakers include: Dr Ingeborg Birnie, Strathclyde University, Glasgow, Scotland; Dr Kananinohea Maka'imoku, University of Hawaiʻi at Hilo, USA; Dr Sanna Pakarinen, University of Åbo Akademi, Vaasa, Finland; and Kebir Colmenero Perez, University of the Basque Country UPV/EHU, Basque Country.

According to Conference organiser Dr T.J. Ó Ceallaigh, Director of Taught Postgraduate Studies in Education, MIC: “The benefits of immersion education are indeed many but research has also exposed some of the challenges. There is a significant dearth of research on a wide variety of topics, in particular, immersion teacher development and sustained use of the immersion language where English is the societally dominant language. I hope that this conference will promote critical debate on these issues and nourish engagement and networks for innovation, integration and improvement in immersion and bilingual education”.

The international conference, Immersion Education: Taking Stock and Moving Forward brings together various organisations and institutions as conference partners, including: Mary Immaculate College, Limerick; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Munster Technological University, Tralee Campus, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge and Comhairle na Gaelscolaíochta.  Registration is now open. Please see www.tumoideachas.ie for further information.