Close icon
Close icon
News

Déantar ceiliúradh ag Searmanas Aitheantas ar Éachtaí Céimithe & Mic Léinn CMgS

Collage of MIC students pictured in their graduation gowns holding parchments or awards

Aitheantas tugtha d’Éachtaí bainte amach ag Céimithe CMgS & Mic Léinn Reatha ag Searmanas Fíorúil

Reáchtáladh Searmanas Aitheantais i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) inniu (26 Márta) inar deineadh ceiliúradh ar na héachtaí acadúla agus eile atá bainte amach ag ós cionn 2,000 céimí agus mac léinn. De bharr shrianta COVID-19, b’éigean na searmanais bhronnta bhliantúla trí lá, a bhíonn ar siúl de ghnáth i mí Dheireadh Fómhair, a chur ar ceal agus ina áit, bronnadh mic léinn in absentia chun go rabhadar in ann a gcuid pár a fháil ar mhaithe le cúiseanna fostaíochta agus gairme.

Bhain mic léinn as beagnach gach contae in Éirinn, chomh maith le mic léinn idirnáisiúnta ón mBrasaíl, ó Mheicsiceo, ó Mharacó, ón bPolainn, ón Ind, ón tSín agus ós na Stáit Aontaithe, céim amach i mbeagnach 40 clár fochéime agus iarchéime éagsúil, ina measc 19 céimí ar bronnadh dámhachtainí dochtúireachta orthu. Bronnadh dámhachtainí agus scoláireachtaí ar níos mó ná 150 céimí agus mac léinn reatha sa Choláiste mar aitheantas dá gcuid éachtaí acadúla agus spóirt.

Ag labhairt dó ag an Searmanas Aitheantais Fíorúil, dúirt an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán CMgS, “While the social restrictions around COVID-19 may have prohibited us from celebrating in a proper and time-honoured way, it will not thwart our efforts to recognise your remarkable achievements, accomplishing what you have against the backdrop of a global pandemic. You met a litany of challenges during your course of study here at MIC, more so than any other preceding graduating class, but you successfully and bravely overcame them, displaying a determination and strength of character that will serve you well throughout your life.”

Lean sé ar aghaidh, “This pandemic has demonstrated that things can be done differently, that we are resilient, that we can and will adjust to new ways of life, in particular new ways of communicating, learning and teaching. The knowledge and skills you have acquired both during your time as a student here with us, but also during this pandemic, will stand the test of time and enable you to continue learning throughout your lifetime.

It is with great pride that, on behalf of the entire MIC community, I congratulate you, the Class of 2020, on reaching this tremendous milestone under such adverse conditions. We are so very proud of you all.”

Uachtarán CMgS
Uachtarán CMgS
An tOllamh Eugene Wall

As an mbreis agus 2,000 mac léinn a bhain céim amach, is as an mBrasaíl ó dhúchas naonúr déag acu agus is iad an chéad chohórt a bhain céim amach sa chlár Dioplóma Iarchéime i Meantóireacht agus Ceannaireacht i Scoileanna (Idirnáisiúnta). Tháinig na mic léinn chun staidéir ag CMgS mar chuid de chomhscéim scoláireachta trí bliana idir CMgS agus Gníomhaireacht Scoláireachta Rialtas na Brasaíle, CAPES. Lean seachtar de na mic léinn lena gcuid staidéir ag CMgS agus tá siad anois ag tabhairt faoi mháistreacht sa mheantóireacht agus sa cheannaireacht sa Choláiste.

I gcéim eile chun cinn don gColáiste, bhain beagnach 100 mac léinn as Meicsiceo céim amach tar éis dóibh an clár um Oideachas Múinteoirí San Patricios a chríochnú, clár a cuireadh ar fáil ag an gColáiste i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála, Ambasáid na hÉireann i Meicsiceo agus Aireacht Oideachais Mheicsiceo. Dearadh an clár chun an fhaisnéis, an tuiscint, na scileanna agus na meonta riachtanacha a sholáthar d’ábharmhúinteoirí chun go mbeidh siad in ann a mic léinn i Meicsiceo a mhúineadh agus a ullmhú don tsaol.

Ina measc-siúd chomh maith ar tugadh aitheantas dóibh ag an searmanas bhí 72 mac léinn ó CMgS Dhurlas toisc gurab iad an chéad chohórt a chuaigh isteach i gCMgS Dhurlas in 2016 tar éis do CMgS Coláiste Phádraig a ionchorprú níos luaithe an bhliain chéanna.

Ina measc siúd ar bronnadh dámhachtainí agus scoláireachtaí orthu bhí céimí Baitsiléara sna Dána, Keith Ó Riain, a fuair Dámhachtain ar son Éachtaí ar Leith, chomh maith le dhá dhámhachtain acadúil ó Dhámh na nDán as na torthaí is airde a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Stair araon. Ba é Keith, as Craobh Chomhartha i gContae Luimnigh ó dhúchas, an Buaiteoir Domhanda sa chatagóir Staire de Dhámhachtainí Fochéime Domhanda 2020, agus bhí sé ar dhuine de 25 mac léinn ar fud an domhain ar bronnadh an dámhachtain mhór le rá seo air, a thugann aitheantas don taighde fochéime óna mic léinn is éirimiúla ar domhan. Roghnaíodh a chuid saothair ó níos mó ná 4,000 aighneacht ó ar fud an domhain mar thoradh ar phróiseas breithiúnais dian agus fada faoi stiúir níos mó ná 400 sain-acadóirí ar fud an domhain. Bronnadh Cúntóireacht Roinne le Roinn na Gaeilge i gCMgS ar Keith le déanaí agus tá sé ag leanúint lena thaighde ar fhilíocht na Gaeilge san ochtú haois déag agus é ag saothrú máistreachta taighde faoi stiúir ag an Dr Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge i gCMgS.

Dámhachtain ar son Éachtaí ar Leith
Dámhachtain ar son Éachtaí ar Leith
Keith Ó Riain

Bronnadh ocht mBonn ón gColáiste ar chéimithe a ghnóthaigh an chéad áit ina gclár staidéir. I measc na ndaoine ar bronnadh an bonn mór le rá seo orthu bhí Jessica O’Shea as Dúglas, Co. Chorcaí (Baitsiléir san Oideachas); Catherine Barrett as Cora Chaitlín, Co. Chorcaí (BA san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Chuntasaíocht); Aoife Coughlan as Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe (BA i gCúram agus in Oideachas Luath-Óige); Fiona Connolly as Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe (Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)); Sarah Reynolds as Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh (BA i mBaitsiléir sna Dána i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha agus Feidhmí); Cora Howe as Laitean, Co. Thiobraid Árann (B.Oid san Oideachas agus sa tSíceolaíocht); Paula Conlon as Dún Búinne, Co. na Mí (Teastas i gCeannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta); agus Christopher Bernens ó St. Louis, Missouri (SAM) (Baitsiléir sna Dána).

I measc na ndámhachtainí eile bhí Dámhachtain Iontaobhas Naomh Bonaventure, a bronnadh ar bheirt chéimithe ón mBaitsiléir sna Dána, Niamh Marks as Ros Cré, Co. Thiobraid Árann agus Colin Moran as Gabhal an Dá Bhóthar, cathair Luimnigh, a fuair an chéad áit i nDiagacht agus i Staidéar ar Reiligiúin. Fuair Niamh dámhachtain freisin ó Dhámh an Oideachais mar aitheantas dá sármhaitheas acadúil i Staidéar ar Reiligiúin, agus bronnadh dámhachtain ar Colin ó Dhámh na nDán as na torthaí is airde a bhaint amach i nDiagacht agus i Staidéar ar Reiligiúin.

Anuas ar an mBonn ón gColáiste a bronnadh uirthi, bronnadh Duais Carlisle agus Blake ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar chéimí bunmhúinteoireachta, Jessica O'Shea ó Dhúglas, Co. Chorcaí as an gcéad áit a bhaint amach san Oideachas, i dTeoiric agus i gCleachtas, chomh maith le dámhachtain ó Dhámh an Oideachais mar aitheantas dá sármhaitheas acadúil in Oideachas an Cheoil. Bronnadh Bonn Vere Foster ar Jessica, mar aon le céimí B.Oid san Oideachas agus sa tSíceolaíocht, Eimear Flynn ó Bhiorra, Co. Uíbh Fhailí. Bronnann Cumann Múinteoirí Éireann an bonn ar chéimithe sa Bhunmhúinteoireacht a ghnóthaíonn an chéad áit in Socrúchán Scoile agus in Oideachas an Churaclaim.

Bronnadh Bonn Aontas Múinteoirí Éireann ar Catherine Barrett as Áth Trasna, Co. Chorcaí, chomh maith le dámhachtain ó Dhámh an Oideachais mar aitheantas dá sármhaitheas acadúil i gCuntasaíocht. Bronnadh Comhaltacht Pheadar Ui Chroimín ar dhuine eile as Corcaigh agus céimí sa Bhunmhúinteoireacht, Úna O’Mahony as Mala, chomh maith le dámhachtain ó Dhámh an Oideachais mar aitheantas dá sármhaitheas acadúil i Staidéar Luath-Óige.

Bronnadh Sparánacht i gcuimhne ar Shellie Murtagh ar chéimí an chláir Baitsiléara san Oideachas Sinéad Morgan as an mBlarna i gContae Chorcaí atá anois ag déanamh máistreachta san oideachas speisialta ag CMgS. Tá an dámhachtain maoinithe go fial ag teaghlach Shellie Murtagh, nach maireann, mac léinn CMgS, a fuair bás i 2013 tar éis cath cróga i gcoinne ailse.

Bronnadh Duais Ambasáid na Fraince ar Stuart Witts as Buiríos Uí Chéin, Co. Thiobraid Árann as an gcaighdeán is airde tinrimh, rannpháirtíochta agus feidhmíochta sna míreanna teanga labhartha a bhaint amach sa tarna bhliain agus i mbliain na céime den chlár Baitsiléara sna Dána. Bronnadh dámhachtain acadúil freisin ar Stuart ó Dhámh na nDán as na torthaí is airde i Staidéar na Fraincise a bhaint amach.

Fuair ​​céimí B Oid san Oideachas agus sa tSíceolaíocht, Cora Howe ón Laitean, Co. Thiobraid Árann Comhaltacht Kieran Burke as an gcéad áit a bhaint amach i Síceolaíocht an Oideachais agus sa Tráchtas. Fuair ​​Cora dámhachtain freisin ó Dhámh an Oideachais mar aitheantas dá sármhaitheas acadúil sa tSíceolaíocht. Bronnadh Comhaltacht an Ollaimh Michael A Hayes ar Chéim Thiobraid Árann agus céimí an BA san Oideachas, sa Ghaeilge agus i Staidéar Gnó, Martin Carey ón bPort Nua, as a shármhaitheas acadúil i dTaighde an Oideachais. Ba í seo an chéad bhliain den Chomhaltacht, a bhronnann an Coláiste i gcuimhne ar an Ollamh Michael A Hayes, Uachtarán MIC 2011-2017,nach maireann.

Bronnadh Bonn Uí Bhroiméil ar chéimí Baitsiléara sna Dána, Rebecca Ryan as Coill na Beithe i gcathair Phort Láirge, agus bronnadh Bonn Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire ar Sandra Dunne ó Mhainistir Laoise, Co Laoise, céimí BA san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Chuntasaíocht, as ucht éacht a bhaint amach san Oideachas agus i Socrúchán Scoile.

Bronnadh Dámhachtain ó Luath-Óige Éireann ar ​​Jacinta O’Hara as Baile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí don bPunann LINC is Fearr, chomh maith lena dámhachtain don Phunann Réigiúnach LINC is Fearr (Corcaigh). Bunaithe i 2016, is Dámhachtain Sainchuspóra Leibhéal 6 é LINC (Ceannaireacht ar Chuimsiú sna Luathbhlianta) atá deartha chun cuimsiú leanaí le riachtanais bhreise i suíomhanna luathbhlianta a fheabhsú trí ról an Chomhordaitheora Cuimsitheachta a fhorbairt. Tá an clár, curtha ar fáil ag cuibhreannas faoi stiúir CMgS, le Luath-Óige Éireann agus Ollscoil Mhaigh Nuad, mar chuid de thiomantas an rialtais oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin a sholáthar i réimse an chúraim agus an oideachais luath-óige.

Bronnadh Gradam Chumann Tacaíochta Foghlama na hÉireann (ILSA) ar Elizabeth O'Grady as Trá Lí, Co. Chiarraí agus Ciara Ryan as an Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann, bhain an bheirt acu céim amach ón gclár Dioplóma Iarchéime i Riachtanais Oideachais Speisialta.

Bronnadh an Dámhachtain ó Chumann Tacaíochta Foghlama na hÉireann ar Elizabeth O'Grady ó Thrá Lí, Co Chiarraí agus ar Ciara Ryan ón Teampall Mór, Co Thiobraid Árann,  céimithe ón Teastas Iarchéime I Riachtanais Speisialta an Oideachais.

Bronnadh an Bonn don Teastas sa Chreideamh ar chéimí an Mháistir Ghairmiúil san Oideachas (Bumhúinteoireacht) ar Stephanie McCarthy ó Thrá Lí, Co. Chiarraí agus ar chéimí an B.Oid san Oideachas agus sa tSíceolaíocht, Aoife Mannion as Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.

Is féidir an Searmanas Aitheantais a fheiscint anseo.

I measc na ndámhachtainí eile a bronnadh ar chéimithe CMgS ag an searmanas bhí dámhachtainí um shármhaitheas acadúil ó Dhámh na nDán agus ó Dhámh an Oideachais CMgS, mar aon le dámhachtainí ó Chlár LINC.

Bronnadh dámhachtainí ar mhic léinn reatha sa Choláiste freisin mar aitheantas ar a gcuid éachtaí acadúla agus spóirt, ina measc bhí breis is 50 mac léinn ón gcéad bhliain ar bronnadh Scoláireachtaí Iontrála de luach €2,000 an ceann orthu, bunaithe ar na torthaí a baineadh amach san Ardteistiméireacht i 2020.

Bronnadh Scoláireacht Iontaobhas TOMAR ar mhac léinn na chéad bhliana, Aaron Shiel as Maighean Rátha, Co. Laoise, a thugann aitheantas do mhic léinn a aistríonn, le gradam, óna gclár um Bhreisoideachas, chun áit a ghlacadh ar Chláir Chéime um Oideachais Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile CMgS Durlas. I mí Mheán Fhómhair, chuir Aaron tús le staidéar ar an gclár BA san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Chuntasaíocht i gCMGs Dhurlas.

Fuair Cathal Flannery as Lios na Graí, Co. Luimnigh, mac léinn Baitsiléir an Oideachais sa tríú bliain, Gradam Cuimhneacháin John Hayden mar aitheantas ar an méid atá tugtha aige don tsochaí tríd an obair dheonach atá déanta aige le Cros Dhearg na hÉireann, le linn an chéad dhianghlasáil náisiúnta ach go háirithe.

Bronnadh Dámhachtain Iontaobhas Naomh Bonaventure ar sheisear mac léinn, mic léinn CMgS Durlas, ina measc, Michelle Murphy as Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann, Beibhinn Byrne as Tigh na hÉille, Co. Chill Mhantáin agus Mary Campbell as an gCeapach Mhór, Co. Luimnigh, agus mic léinn ó CMgS Luimnigh, Michael O' Doherty ó Shráid Éadbhaird, cathair Luimnigh, Eoin Shanahan as Baile Uí Laigheanáin, Co. Laoise agus John Patrick Walsh as Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.

Bronnadh Dámhachtain Dochtúireachta CMgS ar Eibhlín Ryan as Durlas, Co. Thiobraid Árann, mac léinn ar an gcúrsa Dochtúireachta Gairmiúla i Síceolaíocht an Oideachais agus an Linbh. Bronnadh Scoláireacht Dochtúireachta CMgS ar Asmae Ourkiya as Ros Uí Bhriain i gcathair Luimnigh, agus fuair Lydia Mannion as Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe Scoláireacht Iarchéime CMgS. Bronnadh scoláireachtaí faoi chlár Rialtas na hÉireann ón gComhairle um Thaighde in Éirinn ar cheathrar mac léinn dochtúireachta, Geraldine Brassil ó Ráth Luirc, Co. Chorcaí, Edmond Gubbins ón mBrú, Co. Luimnigh, Louise Curtin ó Dhún ar Aill, Co. Chorcaí agus Miranda Mateus De Souza as Bóthar Bhaile na Cora, cathair Luimnigh.

Bronnadh Scoláireacht Chuimhneacháin Noreen Lynch ar Róisín Howard ón gCathair, Co. Thiobraid Árann, mac léinn ar an gclár um Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus bronnadh Scoláireacht Chuimhneacháin Leonard Enright ar Clara Griffin, An Trá Mhór, Co Phort Láirge, mac léinn ar an mBaitsiléir san Oideachas mar chuid de Scéim Scoláireachta um Scothspóirt CMgS, le luach €4,000 an cheann.

Ar deireadh, fuair ceathrar mac léinn sa chéad bhliain, Sophie Hennessy as Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh, Fiona Keating as Béal Átha an Spidéil, Co. Chorcaí, Micaela Glynn as Cill Mhichíl, Co. an Chláir, agus Kate Hickey as Cill Bhriain i gContae Phort Láirge Dámhachtain Chuimhneacháin Rachel Kenneally, scéim sparánachta, maoinithe ag LGFA na Mumhan, in onóir Rachel a d’imigh ar shlí na fírinne sa mbliain 2018 ag 26 bliana d’aois.

Ag déanamh comhghairdeachais le buaiteoirí na ndámhachtainí go léir, dúirt an tOllamh Wall, “Individually and collectively, all of the students whom we honour here today embody our College’s mission - ultimately to make the world a better place through our ideas, our innovations and our engagement.”

Agus an searmanas fíorúil á thabhairt chun críche thug an tOllamh Wall an chomhairle seo a leanas do na céimithe agus na dámhachtaithe, “Be open to the possibility and to the idea that deviating from an obvious path can lead you to a place you might never have considered but which could offer you immense satisfaction and reward.”

Is féidir an Searmanas Aitheantais a fheiscint anseo.