Close icon
Close icon
News

Filleann Searmanais Bhronnta CMgS ar an gCampas

Three MIC students wave to camera

Bhí idir ríméid agus lúcháir le feiscint i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) an tseachtain seo toisc gur reáchtáileadh searmanais bhronnta CMgS an athuair ar an gcampas tar éis dóibh a bheith ar líne anuraidh mar gheall ar shrianta sláinte poiblí.

Thar tréimhse dhá lá, bronnadh dámhachtainí acadúla ar beagnach 1,500 mac léinn as 28 contae, 18 tír agus 4 mhór-roinn sna cláir a chuireann an Coláiste ar fáil.

Ag labhairt dó roimh na searmanais, rinne an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, comhghairdeachas le gach duine a bhain céim amach i bhfíseán a taifeadadh go speisialta ag rá: “All graduations are to recognised and celebrated. However, this year’s group of graduates and your peers throughout the country have persevered with your studies through an unprecedented and challenging time, so your successful completion is more impressive.”

Tionóladh searmanas speisialta tráthnóna Déardaoin le Niall Collins, TD, Aire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, i láthair chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh céimeanna ar bhreis is 40 mac léinn iarchéime PhD agus Máistreachta. Le linn na hócáide ceiliúrtha seo bronnadh an líon is mó céimeanna taighde i stair an Choláiste le dámhachtainí dochtúireachta bronnta ar 25 céimí ó 2021.

Bronnadh a gcéimeanna ar an gcéad chohórt den M.Oid i gCeannaireacht ar Fholláine san Oideachas a reáchtáileadh i gCMgS, an t-aon chlár máistreachta dá leithéid atá ar fáil in Éirinn. Tá an clár M.Oid seo, anois ina thríú bliain, ag bailiú nirt i dtéarmaí próifíle agus rannpháirtíochta agus le déanaí tugadh faomhadh don gclár ón Ionad Ceannaireachta Scoile mar aitheantas do nuálaíocht an chláir agus don ábharthacht atá sa chlár do bheartas agus do chleachtas reatha an Oideachais in Éirinn. Ag moladh an chláir uathúil seo thug an tAire Harris faoi deara gurbh é an t-aon chlár dá shaghas in Éirinn é agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go leanfadh Institiúidí Ardoideachais eile CMgS agus go n-ionchorpródh siad folláine ina gcláir léinn féin.

Tugadh aitheantas do roinnt buaiteoirí dámhachtainí as a gcuid éachtaí suntasacha sna searmanais, ina measc siúd bhí Cillian O'Sullivan ó Bhóthar na Modh Feirme, Corcaigh, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste air as an gcéad áit a bhaint amach ar an B Oid san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) & sa tSíceolaíocht. Bronnadh Duais Carlisle agus Blake na bliana seo air freisin, bronnta ag an Roinn Oideachais, ar an gcéimí a ghnóthaigh an chéad áit san Oideachas, sa Teoiric agus sa Cleachtas agus Dámhachtain Bonn Vere Foster, bronnta ag Cumann Múinteoirí Éireann, as an gcéad áit a bhaint amach i Socrúchán Scoile agus an Bonn don Teastas sa Oideachas Reiligiúnach, bronnta ag deoise Luimnigh, as an gcéad áit a bhaint amach sa

Teastas san Oideachas Reiligiúnach ar an mBaitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) & sa tSíceolaíocht.

Edel Shanahan
Edel Shanahan
Daniel Banagher agus Emma Carrigg
Daniel Banagher agus Emma Carrigg
Chloe Foran
Chloe Foran
Sarah Richardson agus Olivia Lowry
Sarah Richardson agus Olivia Lowry
Tim O Mahony
Tim O Mahony
Roisin Synott, Aisling Williams agus Mary O Sullivan
Roisin Synott, Aisling Williams agus Mary O Sullivan

Bronnadh Bonn Óir an Choláiste ar Edel Shanahan as Durlas, Co. Thiobraid Árann, céimí ón mBaitsiléir sna Dána san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Léann Reiligiúnach ag CMgS Durlas, as an gcéad áit a bhaint amach ar an BA san Oideachas (Oideachas Iar-Bhunscoile). Bronnadh Duais Iontaobhas Naomh Bonaventure uirthi freisin as an gcéad áit a bhaint amach sa Diagacht agus i Staidéar ar Reiligiún ar an gclár B.A san Oideachas; mar aon le Bonn Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, bronnta ag Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire ar an gcéimí a bhain sármhaitheas amach san oideachas agus sa tsocrúchán scoile agus Bonn Aontas Múinteoirí Éireann, bronnta ag Aontas Múinteoirí na hÉireann, mar aitheantas do shármhaitheas acadúil ina punann oideachais.

I measc na ndaoine eile a bhain dámhachtainí suntasacha amach ar an lá bhí Shona Cassidy ón Ráithín, Co. Luimnigh, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa BA sna Dána; Annie Brown as an Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach Bailsiléir sna Dána i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha agus Feidhmí; Joanne Fitzgerald, as Míleac, Co. an Chláir, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach sa chlár Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus Lola Parsons as Caladh an Treoigh, Luimneach, ar bronnadh Bonn Óir an Choláiste uirthi as an gcéad áit a bhaint amach ar an gclár Bhaitsiléir sna Dána i gCúram agus in Oideachas Luath-Óige.

Dúirt an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán CMgS, agus é ag labhairt le Rang Céime 2021 ag an ócáid gur iarradh orthu “something that was never asked of any preceding graduating classes. You were asked to sacrifice your final year of study on campus” agus rinne sé comhghairdeachas leo as a gcomhiarrachtaí.

Ag guí gach beannacht orthu don todhchaí, dúirt sé: “My earnest wish for you is that the personal qualities and characteristics that you have developed will be key assets in enabling you to flourish both professionally and personally.”

Thóg roinnt Alumni CMgS an t-am chun teachtaireacht speisialta comhghairdeachais a sholáthar do Rang 2021, ina measc bhí Faighteoirí Alumni CMgS 2019 Pat McDonagh (Fear Gnó agus bunaitheoir Supermacs) agus Róisín Meaney (údar sárdhíola); réalta chlár RTE ‘Home & After School Hub’, Múinteoir Ray (Cuddihy); Iriseoir RTÉ, Petula Martyn; Oilimpeach agus Imreoir Idirnáisiúnta le foireann haca ban na hÉireann Naomi Carroll agus iar-POF na Comhairle Múinteoirachta, Áine Lawlor, agus a thuilleadh nach ea. Féach ar an méid a bhí le rá acu anseo.

I láthair ag na searmanais éagsúla thar an dá lá bhí an Comhairleoir Tom Ruddle, Leas-Mhéara Chathair agus Chontae Luimnigh, an tAire Stáit, Niall Collins, TD, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tEaspag Brendan Leahy, Easpag Luimnigh, Cathaoirleach ar Bhord Iontaobhaithe agus Údarás Rialaithe CMgS, agus an tOllamh Nigel Healey, Propast/Leas-Uachtarán Ollscoil Luimnigh.