Close icon
Close icon
News

Déanann CMgS ceiliúradh ar an líon is mó céimeanna taighde bronnta ag na Searmanais Bhronnta

A PhD student and his supervisor pictured at the MIC graduation

(I láthair ag na searmanais bhronnta a reáchtáileadh i gColáiste Mhuire gan Smál le déanaí bhí an Dr Séamus Barra Ó Súilleabháin as Lios Tuathail, Co. Chiarraí. Tá sé in éineacht sa ghrianghraf seo lena fheitheoir, An Dr. Breandán Ó Cróinín.)

Bhí go leor cúiseanna ceiliúrtha i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) inniu, Déardaoin 21 Deireadh Fómhair, toisc gur reáchtáileadh searmanais bhronnta CMgS an athuair ar an gcampas tar éis dóibh a bheith ar líne anuraidh mar gheall ar shrianta sláinte poiblí.

Tionóladh searmanas speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh céimeanna ar bhreis is 40 mac léinn iarchéime Dochtúireachta agus Máistreachta ó Dhámh na nDán agus ó Dhámh an Oideachais, chríochnaigh gach duine acu a gcuid staidéir iarchéime trí thaighde agus trí thráchtas, ag tabhairt fianaise maidir le doimhneacht agus le leithead na réimsí taighde atá idir lámha faoi láthair i MIC.

Ag an ócáid seo, bronnadh an líon is airde céimeanna taighde ar mhic léinn CMgS nuair a bronnadh dochtúireachtaí ar 25 céimí. Deineadh ceiliúradh ag an searmanas chomh maith ar 21 mac léinn ó Rang 2020, nach raibh in ann a bheith i láthair anuraidh chun go mbronntar a ndámhachtainí orthu i bpearsain, de bharr na srianta sláinte poiblí a bhí i réim ag an am.

Ag labhairt dó ag an ócáid bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit, Niall Collins, T.D., an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta:  “The COVID-19 pandemic has affected all of us in different ways and I want to acknowledge how hard it has been for those of you graduating.  I’m very much aware that you’ve managed with reduced access to libraries, archives and laboratories, as well as perhaps missing being able to easily discuss your research and findings with your peers and faculty members. You have all overcome those barriers, and I sincerely congratulate you on the completion of your chosen qualifications. You should be immensely proud of yourselves, as I am sure are your families and the academic staff here at Mary Immaculate College. I wish you the very best in your future careers and I look forward to witnessing the contributions you will make in the future.”

Ina measc siúd ar bronnadh dámhachtainí dochtúireachta orthu, agus iad tuillte go maith acu, bhí seacht gcéimí déag ar bronnadh Dochtúireacht Ghairmiúil orthu i Síceolaíocht an Oideachais agus an Pháiste (DECPsy). Is cúrsa oiliúna gairmiúla lánaimseartha trí bliana é seo a bunaíodh in 2016, d’iarrthóirí ar spéis leo gairm mar shíceolaí oideachais a leanúint. Dhírigh an taighde a rinne mic léinn an chláir mar chuid dá staidéar ar réimsí éagsúla: ó úsáid fón cliste tuismitheoirí, sláinteachas codlata, cuimhne oibre iarmhartach agus gnóthachtáil daltaí go heispéiris dhochracha óige (ACEanna), uathachas agus contanam na tacaíochta; beidh impleachtaí dearfacha agus buana ag gach ceann acu ar chleachtas sa todhchaí i síceolaíocht an oideachais agus an pháiste.

I láthair chomh maith bhí an Dr Declan O'Brien as Cill Díoma, Co. Luimnigh, an Dr Louise Curtin as Dún ar Aill, Co. Chorcaí agus an Dr Maryanne Lowney Slattery as Trá Lí, Co. Chiarraí ar bronnadh Scoláireachtaí Iarchéime móra le rá Rialtas na hÉireann ón gComhairle um Thaighde in Éirinn orthu.

Is comhfhreagraí nuachta sinsearach é an Dr O’Brien leis an Irish Farmers Journal agus tá taithí de bhreis is 25 bliain aige mar iriseoir talmhaíochta. Bronnadh dochtúireacht air as ucht na taighde a rinne sé ar fhás thionscal próiseála mairteola na hÉireann agus an tionchar a bhí ag an earnáil ar bheartas talmhaíochta na hÉireann. D’fhoilsigh Four Courts Press a thráchtas MA ar mheath agus ar dhúnadh Mhargadh Beithíoch Bhaile Átha Cliath le déanaí den teideal ‘From the Hoof to the Hook: An investigation of beef processor influence on Irish farm policy and politics 1950 - 1986.’

Marian and Philip Mortell, Husband and Wife, who were conferred with PhDs from MIC's Dept of Theology & Religious Studies
Dr Marian and Dr Philip Mortell
Senior Management of MIC with Minister Niall Collins and Cllr Tom Ruddle
Cllr Tom Ruddle, Minister Niall Collins, Prof. Eugene Wall, Michael Keane
Dr Bernd Kreussler & Dr Arne Rueffer
Dr Bernd Kreussler & Dr Arne Rueffer
Minister Niall Collins and Dr Margaret Murphy
Minister Niall Collins and Dr Margaret Murphy

Bronnadh dochtúireacht ar an Dr Curtin don taighde atá déanta aici ar shamhail leithdháilte múinteoirí oideachais speisialta chun tacú le hionchuimsiú i mBunscoileanna in Éirinn, dar teideal ‘An Examination of the Special Education Teacher Allocation Model to Support Inclusion in Primary Schools in Ireland’, bronnadh a dochtúireacht ar an Dr Maryanne Lowney anuraidh dá tráchtas dar teideal ‘Experiences of Post-primary School Communities Transitioning to a Settings-base for Mental Health and Wellbeing Promotion: The Impact of Policy on Context, Competition and Care.’

I measc réimsí spreagúla eile taighde a deineadh bhí taighde an Dr Hollie Fitzmaurice as Cill Chornáin, Co. Luimnigh, a rinne scagadh ar thionchar an chaidrimh idir tuismitheoirí agus leanaí ar fhorbairt na féiniúlachta gaisce laistigh de chultúr an leabhair ghrinn agus an úrscéil ghrafaigh; ina taighde do chuir an cleachtóir amharclainne an Dr Aideen Wylde isteach ar na tuiscintí atá in Éirinn maidir leis an bhféiniúlacht Ghiúdach agus mhionlaigh tríd an amharclann; agus bhain taighde an Dr Tríona Waters as Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, Buaiteoir 2018 'Kirkpatrick History of Medicine Award’ Choláiste Ríoga na Lianna le gealtacht in Éirinn: ‘Irish Insanity and the Limerick District Lunatic Asylum, 1772-1900’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CMgS, An tOllamh Eugene Wall, agus é ag labhairt ag an ócáid: “Research underpins the educational process, benefiting students and academic staff by enhancing and enriching the teaching and learning experience. Now and in the future, MIC is committed to supporting and resourcing the on-going development of the research skills base among our staff and students. In recent years the College has invested heavily in building its research capacity, through financial supports, and staff development, external collaboration and dedicated administrative structures. This has produced rich dividends, with staff engagement in research at an all-time high, as evidenced by an almost exponential increase in staff publications and engagement in professional conferences over recent years. This effort will be maintained and developed further, and the cross-fertilisation of research with teaching and learning will be a particular focus for us in the coming years, along with an increased emphasis on research that contributes significantly to public policy. In this and other ways, MIC will continue to contribute to the Irish economy and quality of social and cultural life at local, regional, national and international levels.”

In éineacht le céimithe a bhí i láthair ag an ócáid bhí an Comhairleoir Tom Ruddle, Leas-Mhéara Chathair agus Chontae Luimnigh, an tAire Stáit, Niall Collins, TD, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tEaspag Brendan Leahy, Cathaoirleach ar Bhord Iontaobhaithe agus Údarás Rialaithe CMgS, agus an tOllamh Nigel Healey, Propast/Leas-Uachtarán Ollscoil Luimnigh.