Close icon
Close icon
News

Searmanais Bhronnta Céime CMgS 2019

Vicky Brady

Bhí go leor cúiseanna ceiliúrtha i gColáiste Mhuire Gan Smál an tseachtain seo - beagnach 2,000 cúis i ndáiríre mar gur bronnadh dámhachtainí acadúla ar 1,989 mac léinn ó 27 contae, ó 9 dtír agus ó 4 ilchríoch sa réimse de bhreis is 30 chlár a chuireann an Coláiste ar fáil. 

Ina measc-siúd ar bronnadh pár orthu bhí ocht gcéimí déag ar bronnadh dámhachtainí dochtúireachta orthu, ón gcéad chohórt den Dochtúireacht Ghairmiúil i Síceolaíocht an Oideachais agus an Pháiste, cúrsa um oiliúint ghairmiúil lánaimseartha trí bliana d’iarrthóirí a bhfuil suim acu tabhairt faoi ghairmréim mar shíceolaí oideachais.

Bronnadh céimeanna Máistreachta chomh maith ar an gcéad chohórt de mhic léinn a bhain Máistreacht amach i STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht & Matamaitic). Leagann an clár páirtaimseartha dhá bhliain seo, a bunaíodh in 2017, béim ar chur chuige comhtháite agus nuálaíoch i leith oideachas STEM trí theagasc agus trí thaighde atá freagrach go sóisialta a fhiosrú trí fhorbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta i suíomhanna scoile agus oideachais. I rith na hócáide trí lá seo freisin bronnadh céimeanna ar an gcéad chohórt ar chlár an BA i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha agus Feidhmí, céim onóracha nuálaíoch sa drámaíocht agus i léann na hAmharclannaíochta, chomh maith leis an gcéad ghrúpa de chéimithe ón Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas.

Ina measc siúd ar bronnadh páir orthu ag an mBronnadh Céime i mbliana bhí 887 mac léinn a bhain céim amach le Gradam Cuspóra Speisialta Leibhéal 6 ón gclár Ceannaireachta um Chuimsiú sa Luathbhlianta (LINC). Bronnadh Bonn Óir an Choláiste ar Leanne Barton as Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath toisc gur bhain sí amach an chéad áit ar an gclár agus bronnadh Dámhachtain don bPunann is fearr in Éirinn do Chuimsiú sna Luathbhlianta ar Finn Mella ó Bhaile Mhistéala.

I measc na ndaoine ar tugadh onóir dóibh bhí Jason Reddan ó Chathair Luimnigh, bronnadh céim sna Dána air mar aon le Dámhachtain Sármhaitheasa mar aitheantas dá éachtaí sna meáin chruthaitheacha. Is scríbhneoir/stiúrthóir agus léiritheoir é Jason atá ag teacht chun cinn.  D’fhág Jason an mheánscoil go luath ach d’fhill sé ar an oideachas mar mhac léinn aibí i 2013 nuair a chur sé tús leis an mBonnteastas d’Fhoghlaimeoirí Lánfhásta ag CMgS. Tar éis dó an clár sin a chríochnú go rathúil, lean sé ar aghaidh ansin chun céim a bhaint amach sa Bhéarla agus i Staidéar Meán & Cumarsáide (céim sna Dána) i gCMGs. Chuir Jason tús le gairmréim i léiriú scannán agus é i mbun staidéir, agus i measc an iliomaid creidiúintí stiúrthóireachta agus scríbhneoireachta atá aige sa réimse seo tá Who Cares (2015), Streetlights (2016) a bhuaigh MyRodeReel, an comórtas is mó ar domhan do ghearrscannáin; Soviet City le déanaí, taispeánadh an scannán seo ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Richard Harris an tseachtain seo. Tá roinnt comórtais scríbhneoireachta náisiúnta buaite ag Jason freisin, ina meascsiúd tá comórtas gearrscéalta Hotpress 'Write Here Write Now' i 2018 dá scéal 'What's on your mind'; bhronn Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn, an dámhachtain air in Áras Scríbhneoirí na hÉireann. Le déanaí, roghnaigh an ‘American Film Market’ a ghearrscéal pearsanta agus bronnadh pas platanam air don mhargadh scannán is mó ar domhan in LA an mhí seo chugainn.

Is as Luimneach do Hayleigh Kiely chomh maith, mac léinn sa dara bliain den B.Oid, ar bronnadh Dámhachtain Sármhaitheasa uirthi mar aitheantas dá héachtaí spóirt. Tá sé chraobh náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag Hayleigh, ó Mhaigh Rois ó dhúchas, sa chicdhornálaíocht tar éis di tús a chur lena hoiliúint sna healaíona comhraic nuair nach raibh sí ach cúig bliana d'aois, ar mhaithe le féinmhuinín a aimsiú di fhéin agus chun bualadh le cairde nua.

Thit sí i ngrá leis an spórt gan mhoill agus, tar éis cúpla bliain de thraenáil dian, rinne sí an cinneadh tabhairt faoi chomórtais, agus ghnóthaigh sí a céad duais nuair nach raibh sí ach aon bhliain déag d'aois agus bhain sí amach a crios dubh sa chicdhornálaíocht dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ó shin i leith tá go leor craobhacha náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aici: mar shampla 'Curadh Cicdhornálaíochta na gCúig Náisiún' agus is í Curadh na hÉireann sa Chic Íseal de chuid Chónaidhm Cicdhornálaíochta na hÉireann í don mbliain 2019; 'Curadh Cicdhornálaíochta na gCúig Náisiún’ Chónaidhm Cicdhornálaíochta na hÉireann, bhain sí bonn óir amach ag na Craobhchomórtais Dhomhanda Aontaithe i 2018; ba í ‘Curadh K1’ Chónaidhm Cicdhornálaíochta na hÉireann í agus ‘Curadh Náisiúnta Cicdhornálaíochta na hÉireann’ Chónaidhm Cicdhornálaíochta na hÉireann i 2017. Beidh Hayleigh san iomaíocht do Chraobh iomráiteach Eorpach an bhliain seo chugainn.

Ag déanamh comhghairdeachais le Rang 2019 agus a muintir siúd, dúirt an tOllamh Wall, Uachtarán CMgS: “Behind every graduate there are always other people to be found—dedicated mothers, fathers, grandparents, spouses or partners, relatives or friends—who have also been part of the journey that culminates in this ceremony, from major sacrifice of financial support at the one end to the kindly provision of advice in the bleaker times on the other. We express our gratitude to you.”

Lean sé ar aghaidh ag caint faoi athrú mór digiteach atá tagtha ar an láthair oibre agus ar an sochaí trí chéile le fiche nó tríocha de bhlianta anuas agus léirigh sé an dearcadh seo a leanas i leith na todhchaí “(it is) impossible to future-proof any diploma or degree, it is possible to acquire transferable skills and an adaptable mindset that will enable you to continue learning throughout your lifetime”.

Ag tabhairt na searmanas chun críche bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Wall: “I trust that the knowledge and skills that you have acquired during your time here at MIC will serve you in good stead in the years ahead.  My earnest wish for you is that the personal qualities and characteristics that you have developed will be key assets in enabling you to flourish both professionally and personally.   In your quest for success and for personal fulfilment, I hope that you are also guided by a desire to touch and enrich the lives of others, both those closest to you and more widely.”

Pictúir: An Dr Vicky Brady ó chathair Chorcaí. Is é teideal a tráchtas ná ‘An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 - Cathair Chorcaí mar Shuíomh Taighde'.

Thea Drew Hartigan
Thea Drew Hartigan
A ghnóthaigh Bonn Uí Bhroiméil toisc gur bhain sí amach an grád is airde sa Ghaeilge