
Beidh Comhdháil na Bealtaine, comhdháil bhliantúil Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál (CmgS), ar siúl sa Choláiste Dé hAoine 22 Bealtaine. Comhdháil speisialta a bheidh ann i mbliana, in ómós do chomhghleacaí uasal na Roinne, an Dr Stiofán Newman, a cailleadh ag deireadh na bliana seo caite.
Cuimhneofar ar Stiofán agus cainteanna á dtabhairt ag iarchomhghleacaithe leis ar iliomad ábhar, teist ar fhairsinge agus ar ilghnéitheacht a réimsí spéise agus taighde. Tá sé i gceist go bhfoilseofar imeachtaí na comhdhála.
Bhí ról lárnach ag an Dr Newman i saol acadúil agus cultúrtha na Roinne ar feadh na mblianta fada, agus soláthróidh an chomhdháil deis do dhaoine ómós a thabhairt dá chuid scoláireachta, dá chuid teagaisc agus dá chairdeas. Beidh seachtar cainteoirí farainn ar an lá, iad ar fad ina n-iarchomhghleacaithe le Stiofán sa Choláiste.
Dúirt an Dr Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge, go bhfuil “áthas ar an Roinn gur éirigh leo an chomhdháil seo a chur le chéile díreach sé mhí nó mar sin ó d’imigh Stiofán uainn go hantráthúil. Is léiriú é clár na comhdhála ar na spéiseanna leathana taighde agus múinteoireachta a bhí aige agus ar a thábhachtaí is a bhí sé dúinn ar fad mar scoláire, mar chomhghleacaí is mar chara sa Choláiste.”
Is mar seo a leanas clár an lae:
09.45—10.00: Vicky Brady - Oscailt na Comhdhála
10.00—10.50: Éilís Ní Dheá -‘Oidhreacht Stiofáin: Léargas ar shaol agus ar shaothar an Chláirínigh, Mícheál Coimín'
10.50—11.25: Liam Ó Paircín - ‘I mbun déirce i 1761’
11.25—12.00: Tae agus Caife
12.00—12.35: Michael Finneran - ‘Áit an taibhléirithe mar chleachtas corpraithe i mbeocht agus i bhfás na teanga’
12.35—13.10: Róisín Ní Ghairbhí - ‘Seán Ó Riordáin: Misteach, Caitliceach, Eorpach’
13.10—14.00: LÓN
14.00—14.35: Róisín Nic Dhonncha - ‘Gaois, deisbhéalacht agus siamsaíocht: an tomhas sa traidisiún béil á thabhairt chun cuimhne’
14:35—15.10: Laoise Ní Cheallaigh - ‘Úll sealbhaithe’ agus gnéithe eile de theagasc is foghlaim ar an mBlascaod Mór
15:10—15.45: Tae agus Caife
15.45—16.20: Breandán Ó Cróinín - 'Do shiúlaigh mise an Mhumhain mhín’: Ó Rathaille i Luimneach’
16.30: Clabhsúr agus Seoladh Leabhair
Beidh an chomhdháil ina deis ómós a thabhairt do scoláire agus do chomhghleacaí a raibh meas agus cion mór air. Cuirfear fáilte chroíúil roimh chách ar an lá.
The Warrior’s Sleep: A Conference in Memory of Stiofán Newman
‘Comhdháil na Bealtaine’, the annual conference of the Department of Irish at Mary Immaculate College (MIC), will take place at the College on Friday, 22 May. This year’s conference will be a special occasion, held in honour of the Department’s esteemed colleague, Dr Stiofán Newman, who passed away at the end of last year.
Stiofán will be remembered through papers delivered by former colleagues on a wide range of subjects, reflecting the breadth and diversity of his academic interests and research. It is planned to publish the conference proceedings.
Dr Newman played a central role in the academic and cultural life of the Department over many years, and the conference will provide an opportunity to pay tribute to his scholarship, his teaching and his friendship. Seven speakers will participate on the day, all of whom were colleagues of Stiofán at Mary Immaculate College.
Dr Breandán Ó Cróinín, Head of the Department of Irish, said:
“We in the Department are delighted to be able to organise this conference just a little over six months since Stiofán’s untimely death. The conference programme is a testament to Stiofán’s wide range of teaching and research interests and underlines how important he was to us all in the College as a colleague, friend and scholar.”
