
L-R: Dr. Deirdre Nic Mhathúna, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU; Dr. Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge, CmgS; Darach Ó Scolaí, Scríbhneoir agus Foilsitheoir, Leabhar Breac; Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ceann Roinn na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad; Dr. Peadar Kirby, Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh; Dr. Síle de Cléir, Ceann na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh; Dr. Eoin Mac Cárthaigh, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide; Dr. Síle Ní Choincheannain, Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, CmgS, Dr. Vicky Brady, Roinn na Gaeilge, CmgS; agus Dr. Breandán Ó hUallacháin, Roinn na Gaeilge, CmgS, Campas Dhurlais.
Bhí Comhdháil na Bealtaine, comhdháil bhliantúil Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál (CmgS), ar bun sa choláiste ar an 23 Bealtaine agus ba é ‘an t-úrscéal stairiúil’ téama na comhdhála i mbliana.
Bhailigh scoláirí agus scríbhneoirí le chéile arís don chomhdháil sheanbhunaithe, atá ina bunchloch de Léann na Gaeilge, i gcomhair lá mór den chomhoibriú acadúil. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, foilseofar imeachtaí ón ócáid.
Ar chlár na bliana seo, bhí seachtar aoíchainteoirí ag tabhairt peirspictíochtaí criticiúla éagsúla ar phríomhshaothair ficsin stairiúla i nGaeilge, le cúig cinn de na cainteanna ag díriú ar théacsanna aonair.
Cuireadh tús leis an gcomhdháil le caint spreagúil ón Dr Síle de Cléir, Ceann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh (UL), a shocraigh an t-atmaisféar le haghaidh lá rannpháirtíochta. Bhí an Dr Deirdre Nic Mhathúna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), sa chéad sheisiún, agus phléigh sí An Bhean Óg Ón... Le Máire Mhac an tSaoi ina páipéar dar teideal ‘Filíocht, ficsean agus fírinne in An Bhean Óg Ón…’ An Dr Eoin Mac Cárthaigh (TCD) a thug an chéad chaint eile ‘Muiríoch, an Titlíoch agus An Fear Dána’, ag díriú isteach ar An Fear Dána le Alan Titley.
Sa dara seisiún den lá, thug Darach Ó Scolaí - údar aitheanta sa seánra a bhfuil duaiseanna Oireachtais buaite aige dá úrscéalta stairiúla- páipéar an-spéisiúil dar teideal ‘Úrscéalaíocht in aghaidh na díchuimhne’. D’fhiosraigh an Dr Síle Ní Choincheannain, Léachtóir san Oideachas le saineolas sa Ghaeilge in MIC, ról na cartagrafaíochta i bhficsean stairiúil na Gaeilge i gcaint dar teideal ‘Léarscáileanna in úrscéalta stairiúla na Gaeilge’.
Tar éis am lóin, cuireadh tús leis an tríú seisiún leis an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ollscoil Mhá Nuad, a thug mionléamh ar Sliocht ar Thír na Scáth le Breandán Ó Doibhlin ina caint, ‘Ba ríocht agam an gleanntán úd in iargúil mhuintir Luinigh’: mórtas cine agus ceantair in Sliocht ar Thír na Scáth’. Rinne an Dr Peadar Kirby cur i láthair ansin ar a úrscéal stairiúil féin, Misean go Peñiscola, a tháinig sa dara áit le gairid sa chatagóir Ficsean Liteartha i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2024.
Cuireadh críoch leis an lá le caint ón Dr Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge in CmgS, dar teideal ‘Scéalta ón bhfronta thiar: Saighdiúir Uí Shearcaigh’, inar phléigh sé an t-úrscéal Saighdiúir faoin gCéad Chogadh Domhanda le Cathal Ó Searcaigh.
Ócáid bhríomhar mhachnamhach a bhí i gComhdháil na Bealtaine 2025, a tharraing aird ar chumhacht mharthanach an fhicsin stairiúil sa Ghaeilge agus ar a thábhachtaí is atá sé cuimhne chultúir agus féiniúlacht náisiúnta a mhúnlú.
Ócáid bhríomhar mhachnamhach a bhí i gComhdháil na Bealtaine 2025, a tharraing aird ar chumhacht mharthanach an fhicsin stairiúil i nGaeilge agus ar a thábhachtaí atá sé cuimhne chultúir agus féiniúlacht náisiúnta a mhúnlú.
Dúirt an Dr Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinn na Gaeilge, go raibh an coiste eagraithe an-sásta ar fad leis an ócáid.
“D'éirigh go hiontach leis an gcomhdháil. Bhí cainteoirí den scoth againn, scoláirí aitheanta ó ollscoileanna éagsúla ar fud na tíre chomh maith le scríbhneoirí cruthaitheacha, agus bhíomar ríshásta leis an slua a tháinig chun éisteacht leis na cainteanna ar fad. Níl aon dabht ná go bhfuil Comhdháil na Bealtaine ag bailiú nirt agus táimid ag súil, cheana féin, le comhdháil na bliana seo chugainn.”

Comhdháil na Bealtaine 2025 Explores Historical Novels in Irish at Mary Immaculate College
This year’s Comhdháil na Bealtaine, hosted by Roinn na Gaeilge at Mary Immaculate College (MIC), took place on 23 May in the College and concentrated on the theme ‘Historical Novel’.
The long-running conference, a cornerstone of Léann na Gaeilge, once again brought together scholars and writers for a day of rich academic exchange. As in previous years, proceedings from the event will be published.
This year’s programme featured seven invited speakers offering diverse critical perspectives on key works of historical fiction in Irish, with five of the talks dedicated to individual texts.
The conference opened with remarks from Dr Síle de Cléir, Head of Gaeilge, University of Limerick (UL), setting the tone for an engaging day. The first session included Dr Deirdre Nic Mhathúna, Dublin City University (DCU), who examined who examined Máire Mhac an tSaoi’s An Bhean Óg Ón... in her paper titled ‘Fílíocht, ficsean agus fírinne in An Bhean Óg Ón...’ Dr Eoin Mac Cárthaigh (TCD) followed with ‘Muiríoch, an Titlíoch agus An Fear Dána’, focusing on Alan Titley’s An Fear Dána.
In the second session of the day, Darach Ó Scolaí—award-winning author and key figure in the genre—delivered a compelling paper titled ‘Úrscéalaíocht in aghaidh na díchuimhne’. Dr Síle Ní Choincheannain, Lecturer in Education with expertise in Irish at MIC, explored the role of cartography in Irish-language historical fiction in her talk, ‘Léarscáileanna in úrscéalta stairiúla na Gaeilge’.
After lunch, the third session began with Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Maynooth University, who offered a close reading of Breandán Ó Doibhlin’s Sliocht ar Thír na Scáth in her talk ‘Ba ríocht agam an gleanntán úd in iargúil mhuintir Luinigh’: mórtas cine agus ceantair in Sliocht ar Thír na Scáth’. Dr Peadar Kirby then presented on his own historical novel Misean go Peñiscola, which recently received second place in the Literary Fiction category of the 2024 Oireachtas Literary Competition.
The day concluded with a talk An Dr Breandán Ó Cróinín—Head of Roinn na Gaeilge at MIC—titled ‘Scéalta ón bhfronta thiar: Saighdiúir Uí Shearcaigh’, focusing on Cathal Ó Searcaigh’s World War I novel Saighdiúir.
Comhdháil na Bealtaine 2025 proved to be a vibrant and thought-provoking event, highlighting the enduring power of historical fiction in Irish and its importance in shaping cultural memory and national identity.
Dr Breandán Ó Cróinín, Head of Roinn na Gaeilge, said that the organising committee were delighted that the conference was such a great success.
“We had a great line up of speakers, outstanding scholars from universities around the country together with creative writers, and we were particularly pleased that there was a great turnout for all the speakers involved. Our annual conference - Comhdháil na Bealtaine - is certainly going from stength to strength and we are already looking forward to next year's conference.”