Close icon
Close icon
News

Tagann an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, go Coláiste Mhuire gan Smál (MIC) do na searmanais chéime, ina gceiliúrtar buanna acadúla, ócáidí tábhachtacha teaghlaigh, agus gealltanas pósta croíúil

Group of graduates posing for a photo

Tháinig an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, go Coláiste Mhuire gan Smál (MIC) do na searmanais chéime an tseachtain seo (23 agus 24 Deireadh Fómhair), chun ceiliúradh a dhéanamh ar sármhaitheas acadúil, caithréimeanna teaghlaigh, agus ócáidí lúcháireacha.

Labhair an tAire O’Donovan faoin tionchar suntasach a bhíonn ag múinteoirí ar shaol daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den tseomra ranga.

“Bíonn an mhúinteoireacht, mar cheann de na gairmeacha is uaisle dá bhfuil ann. Rachaidh an taithí a fuair tú agus gach rud atá foghlamtha agat anseo i gColáiste Mhuire gan Smál chun tairbhe, agus beidh tionchar leathan i gceist. Mar sin, agus tú ag féachaint romhat, bíodh an tuiscint sin agat ar cuspóir, bród agus croí i ngach rud a dhéanann tú. Ní post amháin atá i gceist le múinteoireacht, tá i bhfad níos mó i gceist léi. Ní ghairm amháín atá inti.”

Ina measc bhí breis agus 1,200 mac léinn ó 25 contae in Éirinn agus ó thíortha ar nós an Chambóid, an Bhrasaíl, an Ghearmáin, agus San Uinseann & na Greanáidíní. Bhí gnóthachtálaithe suntasacha mar chuid de sin, agus bronnadh gradaim ar roinnt acu, beirt deirfiúracha san áireamh a bhain céim amach le chéile, agus céimithe nuaphósta as an bPalaistín a chuir snas rómánsúil ar an gceiliúradh.

I measc na mbuaiteoirí gradam bhí dhá chéimithe dhéag san iomlán a bhain gradaim amach don tsármhaitheas acadúil agus as a rannpháirtíocht i saol an choláiste—fuair naonúr acu dhá ghradam an duine, agus bhain triúr acu onóir annamh amach mar bronnadh trí ghradam orthu. S'iad cuid de na daoine gur bronnadh gradam orthu ná Devlin Grogan Ryan (Co. Thiobraid Árann): Bonn Ionntaobhais Naomh Bonaventure, BA Bonn Órga, agus na torthaí is airde i gCreideamh agus Staidéar Reiligiúnda; Ellen Jane Slattery (Co. Luimnigh): Bonn Vere Foster, Gradaim Carlisle & Blake, agus Comhaltacht Kieran Burke; Rachel Plunkett (Co. Luimnigh): Duais Ambasáid na hÉireann, agus na torthaí is airde i Léann na Fraincise agus sa Tíreolaíocht.

Bronnadh Duais na Sármhaitheasa ar Ellie Ryan as Co. Luimnigh, a bhain céim Baitsiléara sna Dána i Léann na hAmharclannaíochta Chomhaimseartha agus Feidhmeach amach. Chláraigh Ellie i gColáiste Mhuire gan Smál den chéad uair sa bhliain 2017, agus thosaigh sí ar a turas acadúil leis an Teastas i bhFoghlaim Ghinearálta agus Forbairt Pearsanta. Tar éis di an clár sin a chríochnú, chuaigh sí ar aghaidh chun céim fochéime a bhaint amach, léiriú ar a sármhaitheas, a tiomantas don fhoghlaim fhadtéarmach sa saol, agus don fhorbairt phearsanta atá inti. Tar éis di dul i ngleic le go leor dúshlán a bhain lena míchumais iomadúla, tá Ellie anois ina habhcóide díograiseach ar son cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas san oideachas, ag cur le feasacht faoi na constaicí a bhíonn ag mic léinn agus ag spreagadh daoine eile trína habhcóideacht. Is léiriú fíor í Ellie ar thuras an chéimithe, rud a mharcáil turas a sheas amach le buanseasmhacht, uaillmhian, agus tallann.
 
Tháinig an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, go Coláiste Mhuire gan Smál (MIC) do na searmanais chéime an tseachtain seo (23 agus 24 Deireadh Fómhair), chun ceiliúradh a dhéanamh ar sármhaitheas acadúil, caithréimeanna teaghlaigh, agus ócáidí lúcháireacha. Labhair an tAire O’Donovan faoin tionchar suntasach a bhíonn ag múinteoirí ar shaol daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den tseomra ranga. “Bíonn an mhúinteoireacht, mar cheann de na gairmeacha is uaisle dá bhfuil ann. Rachai
Tháinig an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, go Coláiste Mhuire gan Smál (MIC) do na searmanais chéime an tseachtain seo (23 agus 24 Deireadh Fómhair), chun ceiliúradh a dhéanamh ar sármhaitheas acadúil, caithréimeanna teaghlaig
Outstanding Achievement of the Year Award Winner, Ellie Ryan
Outstanding Achievement of the Year Award Winner, Ellie Ryan
Saint Bonaventure Trust Prize and BA Gold Medal winner, Delvin Grogan Ryan

MIC Graduation Video 2025
WATCH the MIC Graduation 2025 video here

Mhuire gan Smál (MIC) do na searmanais chéime an tseachtain seo (23 agus 24 Deireadh Fómhair), chun ceiliúradh a dhéanamh ar sármhaitheas acadúil, caithréimeanna teaghlaigh, agus ócáidí lúcháireacha.

Labhair an tAire O’Donovan faoin tionchar suntasach a bhíonn ag múinteoirí ar shaol daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den tseomra ranga.

“Bíonn an mhúinteoireacht, mar cheann de na gairmeacha is uaisle dá bhfuil ann. Rachaidh an taithí a fuair tú agus gach rud atá foghlamtha agat anseo i gColáiste Mhuire gan Smál chun tairbhe, agus beidh tionchar leathan i gceist. Mar sin, agus tú ag féachaint romhat, bíodh an tuiscint sin agat ar cuspóir, bród agus croí i ngach rud a dhéanann tú. Ní post amháin atá i gceist le múinteoireacht, tá i bhfad níos mó i gceist léi. Ní ghairm amháín atá inti.”

Ina measc bhí breis agus 1,200 mac léinn ó 25 contae in Éirinn agus ó thíortha ar nós an Chambóid, an Bhrasaíl, an Ghearmáin, agus San Uinseann & na Greanáidíní. Bhí gnóthachtálaithe suntasacha mar chuid de sin, agus bronnadh gradaim ar roinnt acu, beirt deirfiúracha san áireamh a bhain céim amach le chéile, agus céimithe nuaphósta as an bPalaistín a chuir snas rómánsúil ar an gceiliúradh.

I measc na mbuaiteoirí gradam bhí dhá chéimithe dhéag san iomlán a bhain gradaim amach don tsármhaitheas acadúil agus as a rannpháirtíocht i saol an choláiste—fuair naonúr acu dhá ghradam an duine, agus bhain triúr acu onóir annamh amach mar bronnadh trí ghradam orthu. S'iad cuid de na daoine gur bronnadh gradam orthu ná Devlin Grogan Ryan (Co. Thiobraid Árann): Bonn Ionntaobhais Naomh Bonaventure, BA Bonn Órga, agus na torthaí is airde i gCreideamh agus Staidéar Reiligiúnda; Ellen Jane Slattery (Co. Luimnigh): Bonn Vere Foster, Gradaim Carlisle & Blake, agus Comhaltacht Kieran Burke; Rachel Plunkett (Co. Luimnigh): Duais Ambasáid na hÉireann, agus na torthaí is airde i Léann na Fraincise agus sa Tíreolaíocht.

Bronnadh Duais na Sármhaitheasa ar Ellie Ryan as Co. Luimnigh, a bhain céim Baitsiléara sna Dána i Léann na hAmharclannaíochta Chomhaimseartha agus Feidhmeach amach. Chláraigh Ellie i gColáiste Mhuire gan Smál den chéad uair sa bhliain 2017, agus thosaigh sí ar a turas acadúil leis an Teastas i bhFoghlaim Ghinearálta agus Forbairt Pearsanta. Tar éis di an clár sin a chríochnú, chuaigh sí ar aghaidh chun céim fochéime a bhaint amach, léiriú ar a sármhaitheas, a tiomantas don fhoghlaim fhadtéarmach sa saol, agus don fhorbairt phearsanta atá inti. Tar éis di dul i ngleic le go leor dúshlán a bhain lena míchumais iomadúla, tá Ellie anois ina habhcóide díograiseach ar son cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas san oideachas, ag cur le feasacht faoi na constaicí a bhíonn ag mic léinn agus ag spreagadh daoine eile trína habhcóideacht. Is léiriú fíor í Ellie ar thuras an chéimithe, rud a mharcáil turas a sheas amach le buanseasmhacht, uaillmhian, agus tallann.

Rud a chur béim ar an léiriú ar scóip dhomhanda atá i gColáiste Mhuire gan Smál ná bronnadh na gcéimeanna ar na mic léinn idirnáisiúnta Tamar Nijim agus Ayman Bitar ón bPalaistín, a tháinig go CMgS trí Scoláireacht Rialtas na hÉireann. Thosaigh Temar MA sa  Teangeoláocht Fheidhmeach i 2023 trí an scéim Scoláireachtaí Idirnáisiúnta Rialtas na hÉireann (GOI-IES), agus thosaigh Ayman MA/MSc i dTimpeallacht, Sochaí agus Cultúr i 2024 tríd an Clár Scoláireachta na hÉireann–na Palaistíne. Ní hamháin gur bhain siad céim amach an tseachtain seo ach bhí a ngealltanas á gceiliúradh acu freisin , dhá chloch mhíle: ceann grá agus ceann gnóthachtála.

I measc na gcéimithe i mbliana, bhí beirt deirfiúracha Kathleen Helen O’Dwyer (Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas) agus Marianne O’Dwyer (Baitsiléir san Oideachas) as Co. Luimnigh, agus roinn siad an onóir speisialta do chéim a bhaint amach le chéile. Ba léiriú ceart a gceiliúradh le chéile, ní hamháin ar a ngaisce aonair a bhain siad amach, ach chomh maith leis sin ar an gceangal láidir teaghlaigh atá i gCMgS, ar an bpobal, agus ar na cuspóirí comhroinnte a thugann sainmhíniú ar thaithí CMgS.

Déanadh comóradh freisin ar bhronnadh 31 duais dochtúireachta i mbliana, a léirigh barr feabhais, tiomantas, agus luachanna CMgS i ngníomh. I measc na gcéimithe bhí roinnt ball foirne ó CMgS, rud a léirigh an cultúr taighde bríomhar atá sa Choláiste agus an tiomantas don fhorbairt ghairmiúil. Ina measc bhí Dr Lylian Fotabong, Bainisteoir Comhionannais Chine agus Tearmainn san Oifig um Chomhionannas, Éagsúlacht, Cuimsiú & Idirchultúrachas; Dr Keith Ó Riain, Léachtóir sa Roinn na Gaeilge; An Dr Deborah Tobin, Léachtóir i dTeanga agus i Litríocht Bhéarla san Ionad Foghlama Acadúil, CMgS Durlas; An Dr Florence Ajala, Ollamh Cúnta san Oideachas Luath-Óige; agus An Dr Claire Carroll, Ollamh Cúnta san Oideachas Matamaitice. Scrúdaigh a gcuid taighde réimsí éagsúla, lena n-airítear smaointeoireacht ríomhaireachta agus taithí mháithreacha inimirceacha ar rannpháirtíocht a leanaí i suíomhanna cúraim agus oideachais luath-óige, agus saol agus oidhreacht an fhile Gaeilge, Éadbhard de Nógla.

Professional Doctorate in Educational and Child Psychology (DECPsy) awardees
Professional Doctorate in Educational and Child Psychology (DECPsy) awardees
BA in Drama and English graduates celebrating
BA in Drama and English graduates celebrating
Bachelor of Education graduate, Conor Keane
Bachelor of Education graduate, Conor Keane
Dr John Morrissey, Dr Dickson Boateng and Dr Julian Bloomer
Dr John Morrissey, Dr Dickson Boateng and Dr Julian Bloomer

Ag labhairt ag na searmanais, thug an tOllamh Dermot Nestor a athdheasc tionscnaimh don bhronnadh céime mar Uachtarán ar CMgS. Ghabh sé comhghairdeas le Rang 2025 agus rinne sé machnamh ar an obair chrua, an diongbháilteacht, agus an spiorad pobail a thugann sainmhíniú ar thaithí na mac léinn i gCMgS.

“Comhghairdeas libh as an ngarsprioc seo a bhaint amach. Tá an cháilíocht seo tuillte agaibh trí thiomantas, dianseasmhacht, agus obair chrua, agus go minic le rudaí eile a bhí sibh ag bainistiú maraon le gach rud eile a chaith an saol in bhur dtreo. Taobh thiar de gach céimí, tá na daoine sa chúlra, agus de bharr na daoine sin, tá sibh anseo inniu: teaghlach a thuig na hoícheanta déanacha, cairde a thug spreagadh daoibh, agus meantóirí a threoraigh sibh. Gabhaimid buíochas leo. Ó gach duine anseo i gColáiste Mhuire gan Smál, comhghairdeas ó chroí libh inniu. Is leatsa an nóiméad seo.”

Thug an tOllamh Niamh Hourigan, Leas-Uachtarán um Ghnóthaí Acadúla, ardmholadh do na céimithe as a gcuid éachtaí agus an seasmhacht a léirigh siad i rith a gcuid staidéir:

“Bíonn na bronnta céime i gcónaí mar bhuaicphointe don bhliain acadúil agus spreagann siad gach duine againn mar fhoireann. Is ceiliúradh é ní hamháin ar bhur rath acadúil ach ar bhur bhforbairt phearsanta a tharla le linn shaol an choláiste chomh maith. Fágann gach céimí CMgS an coláiste le scileanna agus cumais nua chun tacú leo agus iad ag dul i ngleic le domhan atá ag éirí níos casta. Tá súil agam go gcoimeádfaidh sibh cuimhní dearfacha ar na heispéiris a bhí agaibh i gCMgS agus go n-éireoidh libh go gairmiúil, agus go mbainfidh sibh úsáid as na scileanna a d’fhorbair sibh le linn bhur dturas trí shaol an choláiste.”

Thug an Dr Angela Canny, Leas-Déan an Oideachais, ardmholadh do na céimithe ón bhFoireann Oideachais as a ndúthracht agus an tionchar dearfach a bheidh acu amach anseo:

“Is lá é inniu a thugann cúis bhróid dúinn go léir – do na céimithe, dá dteaghlaigh, agus don phobal ar fad i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá an Fhoireann Oideachais i gcroílár an choláiste ó bunaíodh é, agus bíonn an t-oideachas i gcónaí ina fórsa cumhachtach chun athrú dearfach a spreagadh sa tsochaí. Níl aon dabht agam go leanfaidh ár gcéimithe orthu ag spreagadh daoine eile, ag treorú daoine le comhbhá, agus ag déanamh difríocht suntasach i saol na bpáistí agus sa phobal níos leithne.”

Ag labhairt thar cheann Fhoireann na Dána, mhol an Dr Ronan Flatley, Déan na Dána (feidhmeach), na céimithe as a gcruthaitheacht, a gcumas smaointeoireachta criticiúla, agus a rannchuidiú luachmhar le saol an choláiste.

“Tugann an lá inniu léiriú dúinn ar na blianta d’obair dhíograiseach, d’fhoghlaim agus d’fhionnachtain. Bíonn Foireann na Dána i gColáiste Mhuire gan Smál i gcónaí ag déanamh cur chun cinn ar smaointeoireacht chriticiúil agus mhachnamhach, cruthaitheacht agus feasacht shóisialta — tréithe luachmhara a thabharfaidh ár gcéimithe leo cibé slí bheatha a roghnaíonn siad. Gabhaim comhghairdeas ó chroí le gach duine agaibh as bhur n-éachtaí go dtí seo, agus gabhaim buíochas libh as an saibhriú a thug sibh do phobal an choláiste trí bhur gcuid smaointe, bhur bhfuinneamh agus bhur rannpháirtíocht.”

MIC's Class of 2025
MIC's Class of 2025
B Ed graduates, Aoife Kingston, Patsy Kenny and Grainne Kelly
B Ed graduates, Aoife Kingston, Patsy Kenny and Grainne Kelly
B Ed graduates, Brid Hayes and Ava Cotter
B Ed graduates, Brid Hayes and Ava Cotter
B Ed graduates Tomas Fitzpatrick, Oisin Flynn and Adam Giles
B Ed graduates Tomas Fitzpatrick, Oisin Flynn and Adam Giles

I measc na gcéimithe ag na searmanais bhronnta céime bhí an tOllamh Shane Kilcommins, Uachtarán Gníomhach Ollscoil Luimnigh (UL); an tOllamh Colin Fitzpatrick, Leas-Uachtarán Eatramhach um Rannpháirtíocht Dhomhanda & Phobail, UL; agus an tEaspag Brendan Leahy, Easpag Luimnigh.

Léiríonn na searmanais bhronnta céime 2025 an fás leanúnach i gColáiste Mhuire gan Smál mar lárionad barr feabhais san oideachas agus sna healaíona liobrálacha, le pobal taighde iarchéime atá ag leathnú, agus cáil láidir náisiúnta agus idirnáisiúnta i dteagasc agus i scoláireacht. Anois, agus ár gcéimithe ag tabhairt faoin gcéad chaibidil eile dá dturas pearsanta agus gairmiúil, tá pobal CMgS ag ceiliúradh a n-éachtaí agus ag súil go mór leis an tionchar dearfach a dhéanfaidh siad i scoileanna, i bpobail, agus in ionaid oibre ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

MIC graduates jumping for joy
MIC graduates jumping for joy
B Ed graduates not letting the weather dampen their spirits
B Ed graduates not letting the weather dampen their spirits
B Ed graduate, Aisling Furlong posing for a selfie with her sister
B Ed graduate, Aisling Furlong posing for a selfie with her sister