Bhí mórtas agus gliondar ar dhaoine i nDurlas Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair, nuair a chruinnigh 127 céimí de chuid Choláiste Mhuire gan Smál, Durlas, chomh maith lena muintir, a gcuid cairde agus na léachtóirí, do chéad searmanas bhronnadh na gcéimeanna ag an gColáiste i nDurlas – an chéad searmanas a eagraíodh ar an mbaile sin ó rinneadh Coláiste Mhuire gan Smál agus Coláiste Phádraig a chónascadh sa bhliain 2016. I rith na mblianta ó shin, is ag searmanas comhcheangailte ar champas Luimnigh a dhéanadh céimithe Choláiste Mhuire gan Smál ceiliúradh in éineacht lena gcuid comhghleacaithe ó champas Luimnigh. I mbliana, os a choinne sin, bhí aird ar Dhurlas as féin, agus lá iomlán ceiliúrtha ar siúl in Ardeaglais na Deastógála.
Tháinig céimithe as gach cearn in Éirinn agus níos faide ó bhaile le chéile gur bronnadh Baitsiléir Ealaíon san Oideachas i ndáil le múinteoireacht iarbhunscolaíochta orthu, agus iad ag díriú ar ábhair áirithe go speisialta, mar shampla, Cuntasaíocht, Staidéar Gnó, Léann Reiligiúin, Gaeilge agus an Mhatamaitic. Bronnadh teastais agus dioplómaí iarchéime freisin chomh maith le céimeanna máistreachta, agus sin maidir le Meantóireacht agus Meáncheannaireacht in Ionaid Bhunscolaíochta agus Iarbhunscolaíochta.
Rinne an tOllamh Dermot Nestor, Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál, comhghairdeas leis na céimithe agus thréaslaigh a gcuid dua agus dúthrachta leo:
“Is iontach a mheabhraítear dúinn ar lá bhronnadh na gcéimeanna ar féidir a bhaint amach nuair a thagann an díocas agus an aidhm le chéile. Is toradh an lá seo ag céimithe Choláiste Mhuire gan Smál i nDurlas ar na blianta díograise agus comhoibre agus an meon go gcuireann oideachas athrú ar shaol an duine.”
Bhí machnamh déanta ag an Ollamh Jennifer Johnston, Leas-Déan Scoil an Oideachais (Iarbhunscolaíocht) i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas, ar an suntas a bhí leis an searmanas ag na céimithe agus ag lucht an champais ar fad:
“Is díol mór mórtais an lá inniu—ní hamháin do na céimithe, ach don uile dhuine atá ceangailte le Coláiste Mhuire gan Smál i nDurlas. Is é seo an chéad uair ócáid ríméadach bhronnadh na gcéimeanna a bheith ar siúl i nDurlas Éile féin, na daoine agus na háiteanna a chuaigh i gcion ar chúrsa na mac léinn ina dtimpeall ar an lá ceiliúrtha. Ní céim agus cáilíocht mhúinteoireachta amháin a bhíonn ag na céimithe ag fágáil an Choláiste dóibh, bíonn tuiscint dhomhain ar an gcuspóir agus ceangal dlúth leis an gcomhluadar a bheidh leo ar feadh a ré gairme.”
Le haird ar dhíograis Choláiste Mhuire gan Smál maidir le sárfheabhas agus ullmhacht don ghairm a chothú, bhí céimithe éagsúla ar bronnadh gradam sárfheabhais léinn orthu, roinnt acu a ghnóthaigh níos mó ná gradam amháin.
Áirítear ina measc Darragh Doolan (Co. Chiarraí) ar ar bronnadh an Bonn Óir as an gcéad áit a ghnóthú san BA san Oideachas, Matamaitic agus Gaeilge. Bronnadh gradaim air freisin as sárfheabhas na hoibre léinn a rinne sé sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic. Ghnóthaigh Amy Ann Coffey (Co. Phort Láirge), BA san Oideachas, Staidéar Gnó agus Cuntasaíocht, Gradam Gnó Chomhairle Chontae Thiobraid Árann agus aitheantas freisin maidir le sárfheabhas léinn sa Chuntasaíocht agus sa Staidéar Gnó.
Bhí beirt chéimithe ar bronnadh dhá ghradam an duine orthu. BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar Gnó an chéim a rinne Ciara Brouder (Co. Luimnigh) a ghnóthaigh Bonn Aontas Múinteoirí Éireann maidir le Sárfheabhas Léinn le r-Phunann Oideachais agus Bonn Chumann na Meánmhúinteoirí maidir le Sárfheabhas san Oideachas agus Socrúchán Scoile. Ar Gemma Garvey (Co. Mhaigh Eo), BA san Oideachas, Staidéar Gnó agus Staidéar Reiligiúin, a bronnadh Duais Iontaobhas Naomh Bonaventura, a bhonntar ar an gcéimí a ghnóthaíonn an chéad háit sa Diagacht agus i Staidéar Reiligiúin, chomh maith le gradam do shárobair léinn i Staidéar Reiligiúin.
Tá Konrad Alexander Gradowski (Co. Laoise), BA san Oideachas, Matamaitic agus Gaeilge, le háireamh ar na sárchéimithe freisin agus bronnadh airsean Comhaltacht Michael A. Hayes don chéimí a bhaineann sárfheabhas léinn amach maidir le Taighde san Oideachas agus Tráchtas. Is comhaltacht sin a bhronnann an Coláiste i gcuimhne ar an Ollamh Michael A Hayes nach maireann, Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál 2011-2017.
Rinneadh ceiliúradh le linn shearmanas bhronnadh na gcéimeanna freisin ar éachtaí pearsanta agus ar cheangal muinteartha laistigh de phobal Choláiste Mhuire gan Smál. Baineann cás dá shórt le Martina Buckland (Co. Phort Láirge) a ghnóthaigh Máistreacht san Oideachas maidir le Meáncheannaireacht agus Meantóireacht in Ionaid Bhunscolaíochta agus Iarbhunscolaíochta. Bhí fear céile Martina, DrPatrick Buckland, Léachtóir le Staidéar Gnó i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas, páirteach i mórshiúl an lucht léinn, rud a d’fhág gné bhreise leis an ócáid ag an teaghlach. Ag trácht di ar an lá, deir Martina:
"Is ríspeisialta an ócáid seo domsa, céim Mháistreachta san Oideachas maidir le Meáncheannaireacht agus Meantóireacht á bronnadh orm agus m’fhear céile, Patrick, a bheith i mórshiúl an lucht léinn. Is fearr ná sin arís an cúigear clainne atá orainn a bheith i láthair freisin, lá faoi leith don teaghlach agus comhartha ar ar féidir a bhaint amach le dúthracht agus le foghlaim feadh saoil. Ba mhór agam freisin an chéim mháistreachta a dhéanamh i gColáiste Mhuire gan Smál, mar ar ghnóthaigh mé an bhunchéim sna Dána sa bhliain 1998.”
Mhol Ryan O’Meara, Urlabhraí Oideachais Fhianna Fáil agus Teachta Dála thar ceann Thiobraid Árann Thuaidh, na céimithe agus leag sé béim ar an tábhacht atá le Coláiste Mhuire gan Smál do phobal na háite:
“Is céim faoi leith do Dhurlas Éile bronnadh na gcéimeanna anseo inniu. Cothaítear nasc agus ceangal mórtais breise idir an Coláiste agus an baile tríd an searmanas a chur ar siúl anseo san Ardeaglais. Tá ról ríthábhachtach leis an gColáiste i nDurlas maidir leis an gcéad ghlún eile múinteoirí iarbhunscoile a thabhairt chun cinn—agus le Durlas a choinneáil i lár an aonaigh mar ionad foghlama, ceannaireachta agus meon an phobail. Tréaslaím ó chroí a ngradam le gach duine ar bronnadh céim orthu anseo inniu, lena muintir agus le lucht an choláiste a chuidigh leo ar feadh an chúrsa.”
Chomh maith leis na céimithe agus a muintir, bhí siad seo a leanas freisin i láthair ag na searmanais: Ard-Easpag Chaisil agus Imligh Kieran O’Reilly; an tOllamh Shane Kilcommins, Uachtarán Feidhmeach Ollscoil Luimnigh; Déanaigh Dáimhe an Choláiste; Laura Conheady, Leas-Uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann (TUI); Pádraig Curley, Uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí (ASTI), John Carroll, Cathaoirleach, Comhairle Contae Thiobraid Árann, comhairleoirí agus daoine eile de mhaithe an cheantair.
Tugtar cuireadh do dhaoine ar spéis leo tabhairt faoi ghairm na múinteoireachta iarbhunscolaíochta freastal ar Lá Oscailte Choláiste Mhuire gan Smál, Dé Sathairn, an 8 Samhain (10 r.n. - 1 i.n.). Tugann an ócáid sin deis do chuairteoirí bualadh leis an lucht foirne agus le mic léinn, an campas a shiúl agus níos mó a fhoghlaim faoi chláir chomhthrácha Choláiste Mhuire gan Smál, Durlas, maidir le hoideachas múinteoirí. Cláraigh do Lá Oscailt Choláiste Mhuire gan Smál anseo.