Close icon
Close icon
News

Rinne Coláiste Mhuire gan Smál ceiliúradh ar an líon is mó céimithe dochtúireachta dá raibh ann go dtí seo.

Group of people posing for a photo

Bhain Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS) cloch mhíle stairiúil amach an tseachtain seo, agus 31 céim dochtúireachta bronnta—an líon is airde céimeanna dochtúireachta a bronnadh riamh ag an gColáiste in aon bhliain amháin. I measc na gcéimithe a ghlac páirt sna searmanais bhronnta céime bhí baill foirne acadúla agus baill foirne seirbhísí gairmiúla CMgS, agus tugadh ómós dóibh go bródúil le linn shearmanais bhronnta céime 2025 an Choláiste, ar an nDéardaoin, an 23 agus Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair ar champas CMgS i Luimneach.

Ghabh an tOllamh Michael Healy, Leas-Uachtarán um Thaighde agus Ceannaire ar Scoil Taighde & Iarchéime CMgS, comhghairdeas leis na céimithe dochtúireachta agus é ag fágáil slán le CMgS, agus é ag dul ar scor tar éis 29 bliain de sheirbhís.

Dúirt an tOllamh Healy “Léiríonn an líon stairiúil de chéimithe dochtúireachta in 2025 an fás suntasach atá tagtha ar an taighde in MIC. Taispeánann ár dtaighdeoirí go leanúnach conas gur féidir sármhaitheas acadúil a chomhlíonadh le cuspóir sóisialta agus tionchar pobail. Tá gach duine dár gcéimithe dochtúireachta i 2025 tar éis cur go suntasach lena réimse féin agus leis an gcáil atá ar CMgS mar ionad ceannródaíoch taighde, cruthaitheachta agus fiosrúcháin chriticiúil. Is pribhléid mhór é dom  a bheith i mo cheannaire ar fhorbairt na pobail bheoga taighde seo le blianta anuas.”

An tOllamh Michael Healy
An tOllamh Michael Healy
An Dr Lylian Fotabong agus an tOllamh Dermot Nestor
An Dr Lylian Fotabong agus an tOllamh Dermot Nestor
An Dr Patricia Kieran agus an Dr Dickson Boateng
An Dr Patricia Kieran agus an Dr Dickson Boateng

I measc na gcéimithe bhí roinnt ball foirne CMgS, ina measc bhí, Dr Lylian Fotabong, Bainisteoir Cine ,Comhionannais agus Tearmainn, Oifig um Chomhionannas, Éagsúlacht, Cuimsiú & Idirchultúrachas, Dr Keith Ó Riain, Léachtóir, Roinn na Gaeilge, An Dr Deborah Tobin, Léachtóir i dTeanga agus i Litríocht an Bhéarla, Ionad Foghlama Acadúil, CMgS Durlas; An Dr Florence Ajala, Ollamh Cúnta san Oideachas Luath-Óige; Dr Mary Anne Cantwell, Ollamh Cúnta san Oideachas Luath-Óige agus An Dr Claire Carroll, Ollamh Cúnta san Oideachas Matamaitice. Scrúdaigh a gcuid taighde réimsí éagsúla, lena n-airítear smaointeoireacht ríomhaireachta agus taithí mháithreacha inimirceacha ar rannpháirtíocht a leanaí i suíomhanna cúraim agus oideachais luath-óige, agussaol agus oidhreacht an fhile Gaeilge Éadbhard de Nógla.

I measc chéimithe dochtúireachta na bliana seo, bhí deichniúr a fuair an Dochtúireacht Ghairmiúil sa tSíceolaíocht in Oideachais agus Leanaí (DECPsy). Is clár uathúil é seo, a bunaíodh i 2016, agus is clár oiliúna gairmiúil lánaimseartha é a mhaireann trí bliana, do mhic léinn atá ag iarraidh gairm a bhaint amach mar shiceolaithe oideachais. Mar chuid dá gcuid staidéir, rinne mic léinn DECPsy tionscadail taighde a chlúdaigh réimse leathan téamaí, lena n-áirítear comhtháthú spéiseanna leanaí uathacha i dtaithí foghlama, scrúdú ar na tacaíochtaí teiripeacha a sholáthraíonn gairmithe seachtracha i mbunscoileanna, agus measúnú ar an gClár Píolótach Ullmhúcháin don Aistriú Scoile ‘Smart Moves’ in Éirinn – clár saor in aisce atá deartha chun cabhrú le daltaí rang a sé athléimneacht a fhorbairt agus iad ag aistriú go dtí an mheánscoil. I dteannta sin, cuireann a gcuid oibre le tuiscint nua luachmhar ar an gcaoi ar féidir le síceolaíocht oideachais agus leanaí folláine, cuimsiú, agus taithí foghlama dhearfach a chur chun cinn do gach páiste. Tá cur síos mionsonraithe ar théama taighde gach céimí ar fáil thíos.

Agus é ag déanamh machnaimh ar a thuras PhD i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS), dúirt an Dr Dickson Boateng, Dochtúir na Fealsúnachta: “Táim an-bhuíoch as an gcabhair a fuair mé i gCMgS. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Oifig Taighde agus Scoil Iarchéime (RGSO) as an tacaíocht a thug siad dom le linn mo thurais PhD. Táim fíorbhuíoch de mo stiúrthóirí, an Dr Julian Bloomer agus an Dr John Morrissey, a bhí thar a bheith tacúil. Thug siad an spreagadh dom leanúint ar aghaidh leis an obair, dá bharr sin táim fíorbhuíoch do CMgS, an RGSO agus do mo stiúrthóirí ar fad.”

Buaiteoirí Dochtúireachta Fealsúnachta (Dámh an Oideachais)
Buaiteoirí Dochtúireachta Fealsúnachta (Dámh an Oideachais)
Professional Doctorate in Educational and Child Psychology awardees
Duaiseoirí Dochtúireachta Gairmiúla i Síceolaíocht Oideachais agus Leanaí
Doctor of Philosophy (Faculty of Arts) awardees
Buaiteoirí Dochtúireachta Fealsúnachta (Dámh na nDán)

Le linn a aitheasc tionscnaimh céime mar Uachtarán ar CMgS, thug an tOllamh Dermot Nestor ómós do na céimithe agus d’aithin sé ceannaireacht an Ollaimh Healy agus é ag éirí as a ról:

“Tá ár gcéimithe dochtúireachta tar éis a gcuid céimeanna a bhaint amach trí fhiosrúchán dian, le tacaíocht ó stiúrthóireacht den scoth, foireann dhíograiseach san Oifig Taighde agus Scoil Iarchéime, agus cultúr taighde atá tiomanta go domhain don mhachnamh, don fhionnachtain agus don athrú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na stiúrthóirí a threoraigh na mic léinn seo, leis an bhfoireann san Oifig Taighde agus Scoil Iarchéime a thug tacaíocht dóibh, agus le ceannaireacht an Ollaimh Michael Healy i bhforbairt ár mbonneagair taighde. Is léiriú iad na mic léinn dochtúireachta seo ar éacht comhoibríoch den scoth.”

Ag comhgairdeas leis na 31 gcéimithe ar a gcuid dámhachtainí, dúirt Dr Richard Butler, Stiúrthóir Taighde ag CMgS:

"Is cloch mhíle bhródúil iad na Searmanais Céime 2025 i gCMgS dár bpobal taighde atá ag dul i méid. Inniu, ceiliúraimid gach mac léinn PhD agus Máistreachta ar bronnadh céim taighde orthu, agus tugaimid ómós dá dtiomantas, dá ndúthracht, agus don tionchar atá acu ina réimsí saineolais. Gabhaimid buíochas lena gcuid stiúrthóirí a roinn a gcuid eolais agus taithí leo. Is féidir lenár gcéimithe inniu a bheith fíorbhródúil as an oiliúint ghairmiúil a fuair siad mar thaighdeoirí ar an gcaighdeán is airde."

I láthair ag na searmanais bhronnta céime bhí an tOllamh Shane Kilcommins, Uachtarán Gníomhach Ollscoil Luimnigh (OL); an tOllamh Colin Fitzpatrick, Leas-Uachtarán Eatramhach um Rannpháirtíocht Dhomhanda agus Pobail in OL; agus an tEaspag Brendan Leahy, Easpag Luimnigh.

Thug na searmanais ómós do dhúthracht, do shármhaitheas acadúil, agus d’éachtaí breis is 1,200 céimí ar fud bhreis agus 30 clár fochéime agus iarchéime sa réimse Oideachais agus sna Dána Liobrálacha sa Choláiste.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna taighde i gCMgS, cliceáil anseo.

Seyed Amir Emad - Cooperative Principles and IELTS Learners' Listening Comprehension: A Case Study of Iranian Learners.

Seyed Amir Emad – Prionsabail Chomhoibrithe agus Comhthuiscint Éisteachta Foghlaimeoirí IELTS: Cás-Staidéar ar Fhoghlaimeoirí Iaráinacha

Dickson Boateng - A Novel Political Ecology Approach to Low-Carbon Energy Transition in Rural Ghana

Dickson Boateng -Cur Chuige Nua-aimseartha Polaitiúil Éiceolaíoch i dTreoshuíomh Fuinnimh Ísealcharbóin i nGána Tuaithe

Niamh Donnellan - Thinking Like an Ecosystem: Ecological Philosophy in Theory and Practice

Niamh Donnellan – Ag Smaoineamh Cosúil le hÉiceachóras: Fealsúnacht Éiceolaíoch sa Teoiric agus sa Chleachtas

Lylian Fotabong - Decoding African Narratives: A Longitudinal Corpus-Driven Critical Discourse Analysis of Diachronic Shifts in Irish Media Discourse (September to December 1998, 2008, and 2018)

Lylian Fotabong - Ag Díghlasáil Scéalta na hAfraice: Anailís Chriticiúil ar Dhioscúrsa trí Chorpas Fadtéarmach ar Athruithe Tréimhsiúla i nDioscúrsa na Meán Éireannach (Meán Fómhair go Nollaig 1998, 2008, agus 2018)

Amélie Gaillat - Policing, Politics and State Intelligence: Maintaining Order in Times of Political Agitation in England, France, and Ireland (1880-1910)

Amélie Gaillat - Póilíneacht, Polaitíocht agus Faisnéis Stáit: Ord a Chothabháil le linn Corraíl Pholaitiúil i Sasana, sa Fhrainc, agus in Éirinn (1880–1910)

Jeryn Mayer - A Painted City: Belfast's Tradition of Public Art

Jeryn Mayer - Cathair Phéinteáilte: Traidisiún na hEalaíne Poiblí i mBéal Feirste"

Aoife McInerney - Hannah Arendt's Forgotten Spatial Ontology

Aoife McInerney- An Ontolaíocht Spásúil atá Ligthe i ndearmad ag Hannah Arendt

Ciara Moloney - English, Irish, both, neither: Diaspora and New Interculturalism in Martin McDonagh’s Plays and Films

Ciara Moloney- Teanga agus Féiniúlacht: An Diaspóra agus Idirchultúrachas i nDrámaíocht agus i Scannánaíocht Martin McDonagh

Keith Ó Riain - Éadbhard de Nógla: saol agus saothar

Keith Ó Riain - Éadbhard de Nógla: saol agus saothar

Hanna Rompf - Autorschaft und Inszenierung bei Wladimir Kaminer, Dmitrij Kapitelman und Kat Kaufmann

Hanna Rompf - Autorschaft und Inszenierung bei Wladimir Kaminer, Dmitrij Kapitelman und Kat Kaufmann

Deborah Tobin - "There Is No Up!" A Corpus-Assisted, Critical Thematic Analysis of Perceptions of Teachers in the Privately-Run English-Language Teaching Sector in the Republic of Ireland

Deborah Tobin- “Níl Aon Thuasseal!” Anailís Théamach Chriticiúil ar Thuairimí faoi Mhúinteoirí i nEarnáil Phríobháideach an Teagaisc Bhéarla sa Phoblacht

Aleksandra (Sasha) Turtova - Linguistic Characteristics of First-Year University Writing: A Corpus Investigation

Aleksandra (Sasha) Turtova -Gnéithe Teangeolaíocha de Scríbhneoireacht na Mac Léinn sa Chéad Bhliain: Anailís ar Chorpas"

Zhe Wang - Studies on the Relationship between Irish Drama in the Irish Literary Revival and the National Dramatic Movement of China, mediated through translations in Japan, and through the Chinese intellectual Guo Moruo

Zhe Wang- Staidéir ar an gCaidreamh idir an Drámaíocht Éireannach le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann agus Gluaiseacht Náisiúnta Drámaíochta na Síne, trí aistriúcháin sa tSeapáin agus trí smaointeoireacht an intleachtaí Síneach Guo Moruo"

Florence Ajala - An Investigation of the Lived Experiences of Nigerian Immigrant Mothers’ Engagement with their Children’s Early Childhood Care and Education

Mary Anne Cantwell - The Impact of School-Based Cognitive Behaviour Therapy on Autistic Adolescents’ Social and Emotional Competency: A Case Study of an Irish Post-Primary School

Claire Carroll - The Development of Computational Thinking: A Constructionist School Computer Programming Initiative in a Girls’ Primary School

Agnese Maria Garufi - Instrumental Learning, Identity, and Student-Teacher Interaction in a Secondary Music School: A Case Study from Italy

Jayne Guiney - The Spiritual Identity of Primary School Educators in Ireland and their Perceptions of Spirituality in Schools: An Interpretative Phenomenological Analysis

Lorraine Lawrance - Is a picture worth a thousand words? A case study-led investigation into the use of picture books to support the teaching of disciplinary literacy in the primary setting

Helen Lowe - Pure Notions! An Ethnographic Research of Social Class Mobility from Limerick City’s Regeneration Communities

Aoife Munroe - ‘People need to know that we're not just the stereotypes': A mixed method, multi-informant study to better understand the educational experiences of autistic female students attending mainstream provision at post-primary level in the Republic of Ireland

Madeline Dolan - Unmasking potential: Exploring Teachers' Experiences of Recognising and Supporting Autistic Girls in Mainstream Primary Schools Using the Continuum of Support

Ciara Donohue - "I can do this… if you do this…": Parent Coaching with Fathers of Autistic Children

Elle Drohan - Taking an Interest: The Impact of Including Autistic Children's Absorbing Interests in Learning Experiences - A Neuro-affirmative Approach

Emma Hearne - Exploring Parent Perspectives of Individualised Therapeutic Supports Delivered by External Professionals in Irish Primary Schools

Katy Kelly - Cultivating Connection: A Study of Nurture Group Impact, Practices, and Pathways to Success

Georgina Lannin - An Investigation of the ‘Smart Moves’ School Transition Preparation Pilot Programme in Ireland

Leanne Maher - An Exploration of Trauma-Informed Practice in Irish Primary Schools: Experiences from Teachers, Principals, and National Educational Psychological Service (NEPS) Psychologists

Oliver O’Driscoll - An Appreciative Inquiry into NEPS Psychologists’ and Primary Teachers’ Perspectives of Cluster Groups in Supporting the Implementation of the FRIENDS Programmes

Úna Shore - Teacher and Pupil Perspectives of Mathematical Self-Perceptions and Enjoyment in Two Irish Primary DEIS Schools

Emma Teahan - Inclusive Education at a Crossroads: What do Trainee Educational Psychologists Think?  An Exploration of TEPs' Understanding of and Attitudes Towards Inclusive Education, and How This Influences Their Professional Role