Close icon
Close icon

Gaeilge

Eolas

Is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar chomhábhar sa Chéim sna Dána i gColáiste Mhuire gan Smál.

Is duine tú ar breá leat an Ghaeilge agus a bhfuil suim mhór agat sa chultúr Gaelach. Tá fonn mór ort forbairt a dhéanamh ar do chumas teanga sa Ghaeilge agus ba mhaith leat go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de do shaol pearsanta, cultúrtha agus sóisialta feasta. Is maith leat cúrsaí léitheoireachta agus/nó tá suim mhór agat sa chultúr béil, sa bhéaloideas agus san amhránaíocht, agus tá an-spéis agat i gcás na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Aithníonn tú an tábhacht thar meon a bhaineann le hoidhreacht na Gaeilge i stair na tíre seo agus i sochaí an lae inniu agus is mian leat tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht sin agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha lena mbaineann sí. Tá meon oscailte agat, tá tú sásta tabhairt faoi smaointe nua, agus tá tú ag tnúth leis an spreagadh intleachtúil a thabharfaidh teanga, cultúr agus litríocht na Gaeilge duit agus leis na tuiscintí nua a bheidh agat ar an gcultúr agus ar an saol dá bharr.

Is dlúthchuid d’oidhreacht teanga agus chultúrtha na tíre seo í an Ghaeilge. Nuair a roghnaíonn tú an Ghaeilge mar ábhar léinn i gColáiste Mhuire gan Smál, tugtar deis duit tógáil ar an líofacht atá agat sa Ghaeilge, agus faigheann tú léargas ar litríocht, ar theanga agus ar shaíocht na Gaeilge, léargas nach foláir a bheith ag an té ar mian léi/leis tuiscint a fháil ar ár gcultúr agus ar ár bhféiniúlacht féin.

Scrúdaítear teanga, litríocht agus cultúr na Gaeilge ina gcomhthéacsanna staire agus comhaimseartha. Cíortar comhthéacs na Gaeilge féin i sochaí na hÉireann. Bíonn prós, filíocht, drámaíocht, scannáin agus an litríocht bhéil á bplé i modúil éagsúla agus cuirtear béim ar an ábhar liteartha mar thaca do na scileanna teanga. Bíonn ceardlann teanga in aghaidh na seachtaine ag gach mac léinn agus cuirtear deis ar fáil dó/di ardchaighdeán a bhaint amach i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Baintear an-leas as acmhainní ilmheáin mar áiseanna teagaisc sna ceardlanna agus chun foghlaim féin-riartha a spreagadh. Bíonn deis ag fochéimithe na Roinne tréimhsí a chaitheamh ag obair i suíomhanna lán Ghaeilge agus an té nach nglacann leis an deis sin ní foláir dó/di tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe Gaeilge i réimsí éagsúla, mar shampla: an mhúinteoireacht, an earnáil oidhreachta agus cultúir, na meáin Ghaeilge agus an iriseoireacht, an earnáil phoiblí.

  • MA múinte sa Ghaeilge
  • MA taighde sa Ghaeilge
  • PhD taighde sa Ghaeilge
Contact
Ceann na Roinne
Breandán Ó Cróinín
+353 61 204330
  • Eolas