Uaslódáil an Fhíseáin
Uaslódáil, led’ thoil, fístaifead a thaispeánann go soiléir go bhfuil sár-inniúlacht theicniúil agat in uirlis amháin nó níos mó i gceol traidisiúnta na hÉireann.
Treoirlínte maidir le do fhíseán a chur isteach:
- Níor chóir go mbeadh fad iomlán an fhístaifeadta níos faide ná 3 nóiméad agus 50MB.
- Glactar leis na formáidí físeáin seo a leanas: .mp4 agus .mov
- Ní féidir ach fístaifeadadh amháin a chur isteach.
- Ní mór don fhístaifeadadh díriú isteach ar fheidhmíocht an iarratasóra agus é a léiriú; ní dhéanfar meastóireacht ar léirithe grúpa a chuireann leibhéal cumais an dhuine aonair faoi cheilt.
- Caithfidh gach comhad a uaslódáiltear an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a leanúint: sloinne-céadainm-uimhirLOI
SUSI
Tá dualgas ar CMgS gach maoiniú a chuireann an Coláiste ar fáil do mhic léinn a chuir isteach ar dheontas SUSI a nochtadh do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI). Ag brath ar an gcineál maoinithe a chuireann an coláiste ar fáil do mhic léinn, d’fhéadfadh SUSI é a thógaint sa áireamh mar ioncam ináirithe agus cinnithe á dtógaint acu maidir le deontais SUSI.
RGCS
Beidh ar Choláiste Mhuire gan Smál sonraí pearsanta a bhaineann leatsa mar iarratasóir ar Scoláireacht Iontrála Cuimhneacháin Ashling Murphy a phróiseáil agus a choimeád. Ar mhaithe le bheith i gcomhréir leis an RGCS, léireoidh an Coláiste meas ar rúndacht do shonraí agus cuirfidh sé bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun úsáid neamhúdaraithe na sonraí seo a chosc.
Dearbhú
Deimhním go bhfuil an t-eolas atá luaite agam ar an bhfoirm iarratais cruinn. Tuigim go bhféadfaidh Coláiste Mhuire gan Smál, dá rogha féin, tairiscint áite a tharraingt siar faoi théarmaí agus faoi choinníollacha Scoláireacht Iontrála Cuimhneacháin Ashling Murphy (agus roimh mo chlárú ar chlár staidéir), sa chás go bhfaightear amach go raibh faisnéis a cuireadh isteach cheana mícheart nó míthreorach NÓ má fhaightear amach go bhfuil faisnéis mícheart nó míthreorach tar éis dom clárú ar chlár staidéir.
Nóta: Seiceáil, led’ thoil, do ríomhphost le deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas seo.