Close icon
Close icon

Gaeilge

Tá stádas bunreachta ag an nGaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus náisiúnta na hÉireann ‘ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í’ (Airteagail 8 de Bhunreacht na hÉireann). Déanann Coláiste Mhuire gan Smál gach iarracht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc phobail uile an choláiste.

Irish event An Rith MIC Thurles

An Ghaeilge sa Choláiste

Is ó Ghaeltacht na nDéise don Dr. Caitríona Breathnach ó dhúchas atá ag feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál ó mhí na Márta 2005. Tá ról lárnach agus tábhachtach ag Oifigeach na Gaeilge in ardú próifíl agus stádas na Gaeilge sa choláiste trí chéile. I gcomhar le baill dáimhe an choláiste eagraíonn sí imeachtaí agus ócáidí ó cheann ceann na bliana chun úsáid na Gaelainne a chur chun cinn.

Cuireann beirt Oifigeach Gaeilge agus Cultúrtha an Ghaeilge chun cinn ag leibhéal na mac léinn, tofa ag na mic léinn iad fhéin chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son in Aontas na Mac Léinn. Is iad Ashton O’Rourke agus Niall Farrell Oifigigh na bliana seo.  Eagraíonn na hoifigigh imeachtaí do mhic léinn chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i rith na bliana acadúla.

Lá Spraoi/Fun with Irish
Lá Spraoi/Fun with Irish
There are events all year round promoting the Irish language and culture
An Seomra Caidrimh
An Seomra Caidrimh
This exclusively Irish language space allows speakers to enjoy chats, sessions, games or study

An Seomra Caidrimh

Tá an Seomra Caidrimh lonnaithe i bhfoirgneamh na leabharlainne i gCMgS agus is í an Ghaeilge teanga an spáis seo. Reachtáilfear imeachtaí sa Seomra go rialta chomh maith do bhaill foirne an choláiste, ina measc-siúd bíonn sosanna tae ann go minic, mar aon le hócáidí ar son An Bricfeasta Folláine, ranganna Gaeilge don bhfoireann agus seisiúin cheoil dírithe ar an bhfoireann–eagraítear roinnt de na himeachtaí siúd I gcomhar leis an Séiplíneacht, Aontas na Mac Léinn agus An Ionaid um Chothú Sláinte.

Uair sa bhliain eagraítear seachtain imeachtaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh–is féile náisiúnta í seo agus gach bliain faighim an-thacaíocht ó phobal uile an choláiste.

Seachtain na Gaeilge

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain.  Oibríonn an tOifigeach Gaeilge go dlúth le hAontas na Mac Léinn, leis an gCumann Gaelach agus le ranna eile sa choláiste (Roinn na Gaeilge, na Fraincise agus na Gearmáinise), leis an Oifig um Chothú Sláinte agus an Séiplíneacht gach bliain chun réimse leathan d’imeachtaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh sa choláiste.

I measc na n-imeachtaí a eagraítear bíonn Aifreann as Gaeilge, ceol beo sa cheaintín ag am lóin, léirithe drámaíochta, coirmeacha ceoil, sosanna tae, craolacháin raidió agus go leor leor eile. I rith na bliana eagraítear sraith d’imeachtaí teanga-bhunaithe agus cultúr-bhunaithe eile – Sos Tae don fhoireann, Bricfeasta Folláine, Taispeántas Leabhar, Meidhir na Máirte, ceardlanna amhránaíochta agus rince, agus a thuilleadh nach ea.

Seachtain na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge
This national event is celebrated each year with Irish language events in both campuses