
Beidh an triú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas - An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh ar siúl an 10 agus 11 Meitheamh 2022 i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Éire. Is é is aidhm leis an gcomhdháil idirnáisiúnta seo an lucht léinn, cleachtóirí agus daoine gairmiúla a thabhairt le chéile chun taighde, teoiric agus dea-chleachtais an tumoideachais a chomhroinnt agus a phlé, agus chun plé gairmiúil bríoch a thionscnamh agus a chothú i dteangacha, ar leibhéil agus i gcomhthéacsanna éagsúla an tumoideachais.