M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge & Gaeltachta
Réamhrá
Ar 28 Márta 2018, d’fhógair Richard Bruton TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, gur éirigh le tairiscint Choláiste Mhuire gan Smál chun clár nua san oideachas lán-Ghaeilge ar leibhéal iarchéime—an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta—a sholáthar. Is clár foghlama cumaisc nuálach, trasearnála a atá ann. Tá an clár seo maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Íocann rannpháirtithe €400 in aghaidh na bliana.
Príomhghnéithe
Sainaithníodh in go leor staidéar dúshláin a bhíonn le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch. Idir uathúil agus chasta atá an bonn eolais agus na scileanna oideolaíocha atá ag teastáil do sheomraí ranga an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá an clár iarchéime, trasearnála seo, an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ag freastal go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear príomhoidí, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Céim eile i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 is ea an clár oideachais múinteoirí seo.


Aidhmeanna & Cuspóirí
Seo a leanas aidhmeanna an chláir:
- Barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
- Eolas, scileanna gairmiúla agus taighde sa réimse a fhorbairt agus a chraobhscaoileadh.
- Idirchaidreamh agus líonraí nuálaíochta, imeasctha agus feabhsúcháin sa tumoideachas a chothú, a shaibhriú agus a bhuanú.
Trí leas a bhaint as cleachtais atá bunaithe ar fhianaise agus as teagasc atá spreagtha ag sonraí, cruthaítear timpeallacht foghlama ina bhféachtar agus ina ndéantar saibhriú ar oideolaíochtaí agus ar dhea-chleachtais dírithe ar an tumoideachas agus ar an oideachas Gaeltachta agus ar na réamhriachtanais teanga a bhaineann leo sin. Bíonn deiseanna foghlama ardchaighdeáin éagsúla faoi thionchar an ábhair agus an phobail (deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, pearsanta agus gairmiúla, comhoibríocha agus ar bhonn aonair, bunaithe sa scoil agus lasmuigh den scoil) ag na rannpháirtithe lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht dhomhain, foghlaim fhéinstiúrtha, anailís agus machnamh criticiúil.