Aonad Forbartha Curaclaim --- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Éire
CNUAS - SCÉALTA
Ábhair Léitheoireachta le haghaidh Bunranganna Bunscoile
An Internet presentation of traditional stories, in a form of step by step development with computer pictures and questions, as enjoyable Reading material for Irish language Junior classes in Primary schools and for others who are beginning to learn the Irish language.
Réamhrá don Mhúinteoir
Áis bhreá mhúinteoireachta agus foghlama í an cnuas-scéal a thógtar píosa ar phíosa mar cabhróidh an t-athrá agus rithim na teanga le cuimhneamh an dalta. Bainfidh daltaí taitneamh as na seanscéalta seo atá curtha os a gcomhair ar bhealach úrnua.
Chomh maith leis an léitheoireacht, tá gníomhaíochtaí beaga le deanamh ag an dalta agus é ag dul tríd an téacs. Tá na scéalta simplí agus níl litriú nó clóscríobh i gceist. Ní gá ach rogha a dhéanamh os na freagraí a taispeántar agus tá an bhéim ar an bhfreagra nádúrtha, gairid.
Nótaí Ranga
Moltar na gníomhaíochtaí réamhléitheoireachta, atá sna nótaí a bhaineann le gach scéal, a dheanamh roimhré mar obair ranga. D'fhéadfadh daltaí aonaracha nó gnúpaí léitheoireachta scéal a léamh tar éis na hoibre sin.
Moltar gníomhaíochtaí iarléitheoireachta, a dhaingneoidh an foclóir agus structúir na teanga, a dhéanamh i ndiaidh na scéalta a bheith léite. Inseofar na scéalta ó bhéil ag deireadh na hoibre sin ar fad.
Aidhmeanna agus Cuspóirí
Taitneamh agus pléisiúr a bhaint as seanscéalta a léamh as Gaeilge ón Idirlíon. Leas a bhaint as an athrá agus rithim na cainte chun cabhrú le meabhrú na scéalta.
Léitheoireacht fheidhmeach na ndaltaí a fhorbairt. Go léireoidh na daltaí a dtuiscint ar an léitheoireacht trí chabhrú leis an ríomhaire an scéal a chumadh.
Na Scéalta
 
|
||
|
||
|
Ar Ais go Leathnach Gerard Enright
© Cóipcheart / Copyright: GAELSOFT, 2000, 2002