Text Size
 
A-Z Index Search
Sitemap
Skip navigation links
Welcome
Prospective Students
Current Students
Faculties & Departments
Research
Administration & Services
CONTENTS

Eolais Ginearálta

Ceapadh Caitríona Breathnach mar Oifigeach na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál i Mí an Mhárta 2005.

Beidh ról lárnach agus tábhachtach ag Oifigeach na Gaeilge in ardú próifíl agus stádas na Gaeilge sa choláiste trí chéile. Cothófaí timpeallacht chruthaitheach, a mbeidh brí agus bunús leis, ar mhaithe le húsáid na Gaeilge sna slite seo a leanas:

  • Feidhmiú mar thacóir agus mar áisitheoir do phobal uile an choláiste agus do thionscnaimh Ghaeilge/theanga laistigh de CMS agus idir CMS agus institiúid/eagrais eile, m.sh feidhmiú mar chomhordaitheoir ar Chomhthogra Scannánaíochta idir Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ollscoil Luimnigh atá maoinithe ag an HEA. Is í bunaidhm an tionscnaimh ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an dá phobal mac léinn. Bheimis ag súil, ar ndóigh, go mbeadh seans ag na rannpháirtithe bun scileanna scannánaíochta a shealbhú agus go mbeadh gearrscannán / clár faisnéise againn ag an deireadh. Beidh tús á chur leis an tionscnamh ag tús na bliana acadúla seo chugainn, .i. Deireadh Fómhair 2005
  • Oiliúint a chur ar fhoirne an Choláiste sa Ghaeilge bunaithe ar a riachtanais
  • Tacaíocht a thabhairt d'ullmhú scéime an Choláiste agus d'fhorálacha eile an Achta Teanga
  • Réimse leathan d'imeachtaí a eagrú i rith na bliana don bhfoireann
  • Dátheangachas – Comhoibriú leis na rannóga éagsúla chun a chinntiú go mbeadh comharthaíocht/fógraí eolais an choláiste go hiomlán dhátheangach, chomh maith leis an suíomh idirlín, ráitis preas, foirmeacha, litreacha agus mar sin de.

Caitríona Breathnach was appointed Irish Language Officer in March 2005.

The Irish Language Officer will have a central and important role in raising the profile and status of Irish in college. This will be achieved in the following ways:

  • Act as facilitator and support to all staff in college and associated language projects/initiatives both within college and in conjunction with other institutions
  • The provision of Irish language classes for staff who wish to improve their language skills, based on need
  • Act as facilitator for the implementation of the various provisions of the Language Act, including the formulation of an associated Scheme
  • The organisation of events throughout the year to promote and encourage theuse of Irish in a relaxed and informal way

Ag tús mhí Aibreán i mbliana scaipeadh an ceistneoir 'An Ghaeilge sa Choláiste' i measc fhoireann an Choláiste, idir lucht riaracháin agus lucht acadúil, d'fhonn tuairimí agus smaointe a aimsiú maidir le ceist na Gaeilge sa choláiste. Tá torthaí an tsuirbhé ar fáil anseo.

Is léir ón suirbhé go bhfuil foireann an Choláiste báúil don Ghaeilge agus ar son na Gaeilge a chur chun cinn sa choláiste. Is léir chomh maith go bhfuil gá le próiseas a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm chun soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a neartú. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach anois a thuiscint nach bhfuil sa suirbhé seo ach céim sa phróiseas san agus táthar ag súil go dtosnófar ar mholtaí éagsúla an tsuirbhé a chur i bhfeidhm agus a chur i gcrích gan mhoill.

At the beginning of April this year a questionnaire entitled 'An Ghaeilge sa Choláiste' was distributed to all administrative and academic staff within the college in order to gauge opinions and thoughts on the subject of Irish in Mary Immaculate College. The results of the survey are available here.

It is obvious from the results of this survey that staff has a positive attitude towards the language and its development here. This survey is just a step in a development process and it is expected that work will begin on the implementation of the various ideas and suggestions mentioned in the survey immediately

 



 

QUICK LINKS
GATEWAYS
Mary Immaculate College, South Circular Road, Limerick, Tel: +35361 204300